Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Téarma príosúin gearrtha ar thiománaí faoi bhás buachalla

21 JULY 2026, 16:49

Marin Silaghi
Twitter Facebook

I gCúirt Chuarda an Náis i gCo Chill Dara, gearradh téarma príosúin cúig bliana agus naoi mí ar fhear 41 bliain d'aois a ciontaíodh i gcoireanna éagsúla a bhain le tubaiste bóthair arbh é bás buachalla sé bliana déag d'aois a dtoradh.

Sin é Marin Silaghi, de bhunadh na Rómáine agus a bhfuil cónaí air i mBaile Briotáis i gCo Laoise, a ciontaíodh sa chúirt an mhí seo caite i dtaca le bás Kedagh Moore i mí na Samhna 2024.

Bhuail gluaisteán Marin Silaghi an buachaill agus é ag siúl ar an mbóthar idir Fiodh Alúine agus an Chorrchoill go deireanach san oíche.

Níor stop Marin Silaghi ar an láthair le cabhrú le Kedagh Moore, áfach, agus ciontaíodh é san fhaillí sin agus in iarracht a dhéanamh teitheadh ón dlí.

Dúradh sa chúirt go raibh bia ite ag Marin Silaghi, agus go raibh caife agus uisce beatha ólta aige, roimh an tubaiste.

Dúradh freisin go raibh sé ag tiomáint taobh istigh den luasteorainn, nach raibh aon soilse poiblí ar an mbóthar agus go raibh Kedagh Moore ag caitheamh éadaí dorcha.

Kedagh Moore, who died in 2024, aged 16, after Marin Silaghi hit him while driving and failed to stop
Kedagh Moore

Tuismitheoirí an ógánaigh. Glenda agus John, agus a dheirfiúr Sadhbh, thug siad cuntas glinn sa chúirt ar chomh mór agus a ghoill a bhás orthu.

Níl insint béil ar an mbrón atá orthu i ndáiríre, a dúirt siad, go háirithe ó bhí seans ann go mbeadh Kedagh beo fós dá dtiocfadh an ciontach i gcabhair air an oíche úd.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ