Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear os comhair cúirte faoi dhúnmharú Ann Widdecombe

21 JULY 2026, 18:11

Joshua Kerry
Twitter Facebook

Tugadh fear 28 bliain d'aois os comhair cúirte in Westminster i Londain agus é cúisithe i ndúnmharú an iarfheisire parlaiminte Ann Widdecombe níos luaithe an mhí seo.

Sin é Joshua Kerry as Rotherham in Yorkshire a bhfuil sé curtha ina leith gur bhuail sé Ann Widdecombe 21 uair sa cheann le casúr.

Gabhadh Joshua Kerry ina theach cónaithe ar an 11 Iúil dhá lá tar éis do gharraíodóir corp Ann Widdecombe a fháil ar an urlár i gcistin a tí in Dartmoor in iardheisceart Shasana.

Agus Joshua Kerry fós á cheistiú ag na póílíní faoin dúnmharú, gabhadh é faoi chionta sceimhlitheoireachta freisin.

Cé nár cúisíodh Joshua Kerry i sceimhlitheoireacht deir na póilíní go bhfuil siad fós ag fiosrú cén fáth ar maraíodh Ann Widdecombe agus nach bhfuil sé curtha as an áireamh acu go raibh baint ag polaitíocht nó ag sceimhlitheoireacht leis an scéal.

Ball den Pháirtí Caomhach ab ea Ann Widdecombe an chuid is mó dá saol ach d'fhág sí an páirtí sin seacht mbliana ó shin le dul i bpáirt leis an Brexit Party/Reform UK.

Cuireadh Joshua Kerry siar faoi choinneáil agus tabharfar os comhair cúirte arís é ar an 9 Deireadh Fómhair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ