Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Iomrall ceartais' a bhí i gciontú éagórach Osgur Breatnach

21 JULY 2026, 13:19

Osgur Breatnach taobh amuigh den chúirt inniu
Twitter Facebook

Tá sé fógartha ag an gCúirt Achomharc gur iomrall ceartais a bhí i gciontú fir i robáil armtha a rinneadh leathchéad bliain ó shin.

Ciontaíodh san éagóir Osgur Breatnach i dtraein a robáil sna Solláin i gCo Chill Dara ar an 31 Márta 1976.

Bhí an traein curtha malairt slí ag buíon fear armtha sular robáil siad na málaí poist a bhí sí a iompar a meastar a raibh thart ar £200,000 iontu.

Ciontaíodh Osgur Breatnach sa robáil sa Chúirt Choiriúil Speisialta i mí na Nollag 1978.

Cuireadh a chiontú ar ceal bliain go leith ina dhiaidh sin, áfach, ar an mbonn gur de bharr na drochíde a thug na Gardaí dó a d'admhaigh sé go ndearna sé an choir.

Bhí a ainm curtha aige le hadmháil a bhí dréachtaithe ag bleachtairí ón 'Heavy Gang', mar a tugadh orthu, tar éis dóibh greasáil a thabhairt dó.

Ní raibh aon fhianaise eile ann ina aghaidh.

Sa Chúirt Achomharc inniu, dúirt an Breitheamh Isobel Kennedy gur chruthaigh fíric a bhí tagtha chun solais le gairid gur iomrall ceartais a bhí sa chás.

Thug sí le fios gur bhain an fhíric nua le fianaise ailibí.

Ball den Irish Republican Socialist Party ab ea Osgur Breatnach nuair a ghabh na Gardaí é i 1976.

Gabhadh roinnt daoine eile ón bpáirtí sin ag an am freisin faoin robáil agus bhí Osgur Breatnach ar dhuine de cheathrar a chuir a n-ainm le hadmháil tar éis do na Gardaí drochíde a thabhairt dóibh.

Mhaígh an tIRA Sealadach i 1980 gurbh iad a rinne an robáil, eagraíocht nach raibh aon bhaint ag Osgur Breatnach leis.

Taobh amuigh den chúirt inniu, d'iarr Osgur Breatnach ar an Rialtas fiosrúchán neamhspleách poiblí a bhunú faoin gcás.

Tá eagraíochtaí cearta daonna agus cearta sibhialta ag tacú le hOsgur Breatnach agus leis na daoine eile ar thug na Gardaí drochíde dóibh agus a ciontaíodh san éagóir faoin robáil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ