Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Bás Garda nach raibh ar dualgas i dtubaiste bóthair á chásamh

27 JULY 2026, 14:35

An Sáirsint Andrew O'Riordan a maraíodh inné
Twitter Facebook

Tá bás Garda nach raibh ar dualgas a maraíodh i dtubaiste bóthair a tharla tráthnóna inné i gCo an Chláir á chásamh.

Aon charr amháin a bhí sa timpiste thart ar 5.30 tráthnóna ar an R466 in aice le Áth Leathan.

Paisinéir san suíochán tosaigh ab ea an Sáirsint Andrew O'Riordan a bhásaigh ar an toirt nuair a bhuail an carr crann darach.

B'as Corcaigh ó dhúchas dó ach bhíodh sé ar dualgas i mbeairic i gCathair Luimnigh.

Thart ar 50 a bhí sé, bhí sé pósta agus cúigear clainne air.

Tuairim is 50 freisin atá an tiománaí a tugadh ar eitilt ingearáin chuig Ospidéal na hOllscoile Luimneach ach atá scaoilte abhaile ó shin.

Bhí carr nua ceannaithe aige le gairid agus bhí sé féin agus an Sáirsint O'Riordan gaibhte amach tráthnóna inné ar thuras gearr deirtear.

Bhí líofacht sa bhFraincís ag an Sáirsint O’Riordan agus bhí sé ar dhuine de 40 garda a chuidigh le póilíní na Fraince ag na Cluichí Oilimpeacha i 2024.

Fiche bliain ó shin bhí sé ar mhalartú taidhleoireachta chun na tíre sin ar feadh bliana agus cháiligh sé ón École Nationale Supérieure de la Police, an chéad chainteoir Béarla an cháilíocht sin a bhaint amach.

Scene of a fatal crash on the R466 outside the village of Broadford
Láthair na tubaiste

Deir Frank Thornton, iar-uachtarán ar Chumann Ionadaíoch na nGardaí, go raibh "ard-mheas ar an Sáirsint O'Riordan as an tacaíocht a thug sé go seasmhach do chomhghleacaithe níos óige agus earcaigh nua.

Méala mór a bhás agus is mór an trua a bhean agus a gclann".

Bhí an bóthar dúnta píosa den lá agus meitheal dlí-eolaíoch na nGardaí i mbun fiosrú teicniúil, fad is a thug Gardaí eile faoi cheistiúchán ó theach go teach.

Táthar ag cuartú cúnamh an phobail, go háirid aon fhíseán cairr a bheadh ar fáil ó éinne a bhí ag taisteal ar an R466 i gceantar Ghort na gCloch ag an am agus iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas acu a ghabháil i dteagmháil le Beairic na nGardaí in Inis.