Tá brothall agus tonn eile teasa os cionn 40C geallta agus ionaid tearmainn sa bhFrainc agus sa Spáinn ag gabháil thar maoil mar atá sé le daoine áitiúla agus turasóirí atá ar a dteitheadh ón oll-loscadh atá chomh dona anois in áiteacha go bhfuil na tinte ag cothú mionchórais aimsire dá gcuid féin.
Níor facthas luas chomh tréan faoin lasadh leis na scórtha bliain sna coillte in iardheisceart na Fraince, in aice le réigiún fíona Bordeaux, agus i gceartlár na Spáinne, ar chiumhais na príomhcathrach Madrid.
I gcroílár shéasúr na turasóireachta tá breis is 325,000 daoine tar éis teitheadh ón réabadh atá déanta ag loscadh sléibhe agus foraoise i réigiúin nach bhfaca braon báistí le dhá mhí.
Tá an chorraíl aeráide ag cur go mór freisin leis an tubaiste a deir lucht eolaíochta, agus an t-athrú ar an aeráid de bharr ghníomhartha an duine ag cur le méid agus le minicíocht na dtinte.
Tá 'piora-cumalainimbeas' cruthaithe ag na tinte sa bhFrainc - néal ollmhór spreagthaí ag an lasadh atá ag cothú a cuaifeach féin chomh maith le tintreach atá ag cruthú tinte nua - a deir Cónaidhm Lucht Dóiteáin na Fraince, rud nach bhfuil feicthe cheana riamh sa tír a deir siad.
Tá na mílte lucht dóiteáin agus na scórtha soithíoch speisialta aeir ag iarraidh a ghabháil i ndréim leis na lasracha agus leis an deatach nimhiúil.
Tá cruinniú éigeandála rialtais le bheith ag Uachtarán Macron na Fraince tráthnóna agus tá PríomhAire Sanchez na Spáinne ar cuairt ar Valencia, ceantar in oirthear na tíre ina bhfuil loscadh nua ag réabadh.
"Arracht" a thug Ceannasaí Cosaint Shibhialta na Spáinne Virginia Barcones ar an loscadh gar d'Avila "ceantar beagnach 200,000 acra agus 200 míle d'imeall aige".


