Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Barr na Cruaiche bainte amach agus Sam ar ais i Maigh Eo

27 JULY 2026, 16:36

An cruinniú mór ar Pháirc Mhic Éil
Twitter Facebook

Tá na scórtha míle tar éis cruinniú tráthnóna ar fhód Pháirc Mhic Éil i gCaisleán an Bharraigh agus foireann chaithréimeach Mhaigh Eo ag filleadh ón ardchathair agus Corn Mhic Uidhir crochta go h-ard acu an chéad uair ó 1951.

Mayo team
Curaithe na hÉireann ag Ospidéal na Leanaí ar maidin

Sheas traein na fóirne i mBéal Átha hAmhnais, baile dúchais an chaptaen Jack Coyne, ar ball beag sular bhain siad amach Caisleán an Bharraigh le tús i gceart a chuir leis an gceiliúradh os comhair an lucht leanúna is dílse sa tír.

Ballyhaunis
Béal Átha hAmhnais tráthnóna

Bhí 944,000 duine ag féachaint ar an teilifís go náisiúnta inné, i dteannta breis is 80,000 i bPáirc an Chrócaigh gan trácht ar na sluaite thar sáile agus níos gaire de bhaile, agus Maigh Eo ag fáil an lámh i n-uachtar ar Chiarraí ar Dhomhnach na Cruaiche 1-20 le 1-17.

26 July 2026; Jordan Flynn of Mayo with the Sam Maguire Cup after victory in the GAA Football All-Ireland Senior Championship final match between Kerry and Mayo at Croke Park in Dublin. Photo by Piaras Ó Mídheach/Sportsfile

Ní chloisfear arís go ceann i bhfad faoi aon mhí-ádh ná aon mhallacht.

Mayo supporters celebrate after the GAA Football All-Ireland Senior Championship final match between Kerry and Mayo at Croke Park in Dublin

Tar éis do Mhaigh Eo a bheith buailte 11 uair sa gcluiche ceannais ó 1989 beidh na sluaite go ríméideach rompu as seo go ceann cupla lá agus an chamchuairt ag tosnú amárach i mBéal Átha hAmhnais agus ag gabháil as sin go Béal an Átha agus Béal an Mhuirthead Dé Céadaoin agus go Clár Chlainne Mhuiris agus Bealach an Doirín Déardaoin.

26 July 2026; Mayo players Jordan Flynn, left, and Kobe McDonald lift the Sam Maguire Cup after the GAA Football All-Ireland Senior Championship final match between Kerry and Mayo at Croke Park in Dublin. Photo by Ben McShane/Sportsfile
Na deartháireacha Jordan Flynn agus Kobe McDonald

Ach cúis dóláis is dóigh do lucht tacaíochta an "Green above the Red" an deimhniú ón AFL san Astráil ar ball beag go bhfuil laoch óg an chontae Kobe McDonald, nach bhfuil fós ach 18, le fágáil go luath agus conradh aige le St Kilda san bpeil Astráileach.

Deir an AFL freisin go mbeidh a mháthair agus a athair - Ciarán McDonald a chaith blianta fada i ngeansaí an chontae - ag gabháil anonn i n-éindí leis go dtí an Leasféar ó Dheas sa bhFómhar.

Ach ciorróidh bua an lae inné ar an Ríocht - agus an gliondar a bhaineann le ré nua - an geimhreadh gan aon dabht.