Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ioncam ó tháillí páirceála ag ospidéil méadaithe 140%

12 AUGUST 2026, 09:25

€17.76 milliún a fuair na hospidéil ó tháillí páirceála anuraidh le hais €7.39 milliún in 2021
Twitter Facebook

Tháinig méadú de 140% ar an ioncam a fuair ospidéil phoiblí ó tháillí páirceála in imeacht ceithre bliana, de réir figiúirí nua atá curtha ar fáil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

€17.76 milliún a fuair na hospidéil ó tháillí páirceála anuraidh le hais €7.39 milliún in 2021, é sin agus conspóid tarraingthe ag an scéal le blianta fada agus gealltanas a bheith tugtha sa Chlár Rialtais anuraidh aghaidh a thabhairt air.

San iomlán, tá €73.5 milliún saothraithe ag na hospidéil ó tháillí páirceála ó thús 2020.

Léiríonn na figiúirí gur in Ospidéal Ollscoil Chorcaí a bhí an méadú ioncaim ba mhó ó tháillí páirceáila idir 2024 agus 2025, ó €1.35 milliún go €2.72 millún.

Ba in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach a bhí an dara méadú ba mhó, agus ina dhiaidh sin faoi seach Ospidéal na hOllscoile i dTamhlacht, Ospidéal San Séamas, Ospidéal na hOllscoile i bPort Láirge agus Ospidéal Beaumont.

Is i bhfreagra ar cheist pharlaiminteach ó urlabhraí sláinte Shinn Féin David Cullinane a cuireadh na figiúirí ar fáil.

Dúirt David Cullinane go bhfuil othair agus a dteaghlaigh ag íoc go daor as an tinneas atá orthu agus nár chóir go mbeadh na hospidéil ag brath ar airgead ó na daoine sin.

Tá an córas atá ann faoi láthair éagothrom agus difriúil ó áit go háit, arsa sé, agus d'iarr sé ar an Rialtas deireadh a chur le táillí páirceála ag ospidéil phoiblí de réir a chéile.

Thug Cumann Ailse na hÉireann le fios go gcosnaíonn sé suas le €300 sa mhí ar othair ailse páirceáil ag ospidéil áirithe agus d'iarr an eagraíocht ar an Rialtas táillí páirceála a chur ar ceal i gcás na n-othar sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ