Tugadh bean agus buachaill óg chuig an ospidéal tar éis do mhadra caorach "ionsaí thar a bheith brúidúil" a dhéanamh orthu i gCo an Chláir an deireadh seachtaine seo caite.
Tharla an t-ionsaí gar do Dhroichead Uí Bhriain in oirdheisceart an chontae ar an Satharn.
D'ionsaigh an madra freisin Gardaí a rinne iarracht é a cheansú.
Dúirt Maor Madraí Chontae an Chláir Frankie Coote gur chuir na Gardaí fios air agus go raibh an bhean a ionsaíodh á tabhairt chun an ospidéil faoin am ar bhain sé an áit amach.
Is ina dhiaidh sin a ionsaíodh an buachaill, a dúirt sé.
Tugadh an buachaill chun an ospidéil chomh maith agus scaoileadh amach é tar éis cúpla uair an chloig.
Gortuithe níos measa a bhain don bhean, áfach, agus coinníodh ise san ospidéal níos faide.
Thug Frankie Coote le fios go raibh an madra go hiomlán ar mire, an dara mire ba mheasa dá bhfaca riamh in aon mhadra d'aon chineál, cé nach mbeadh daoine ag súil lena leithéid ó mhadra caorach, arsa sé.
Dúirt sé gur chreid sé go bhféadfadh an madra leanbh nó seanduine a mharú an lá sin murach gur tugadh chun bealaigh é.
Dúirt sé freisin go bhféadfadh aon chineál madra dul le báiní agus gur labradór a d'imigh as a chranna cumhachta ar fad an cás ba mheasa a chonaic sé riamh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


