Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Bonn airgid buaite ag an snámhaí Mona McSharry i bPáras

12 AUGUST 2026, 17:30

Mona McSharry
Twitter Facebook

Tá an snámhaí as Éirinn Mona McSharry tar éis an bonn airgid a bhuachan sa snámh brollaigh 100 méadar ag Craobhchomórtais Uiscíochta na hEorpa i bPáras.

1:05.41 an méid ama a ghlac sé ar bhean Shligigh an 100 méadar a shnámh, le hais 1:05.64 sna babhtaí leathcheannais.

Beidh Mona McSharry san iomaíocht sa rás brollaigh 200 méadar chomh maith agus cuirfear tús leis na babhtaí cáilithe amárach.

Beidh sí san iomaíocht sa rás brollaigh 50 méadar freisin a bheas ar siúl ar an Satharn.

Is i bPáras a bhuaigh Mona McSharry bonn cré-umha Oilimpeach sa snámh brollaigh 100 méadar in 2024.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ