Tá sé tugtha le fios ag Cumann Peile na hÉireann (FAI) go bhfuil an tacaíocht a thug an eagraíocht d'uachtarán FIFA Gianni Infantino níos túisce i mbliana tarraingthe siar acu.
Roimhe seo, bhí an FAI ag tacú le feachtas Infantino é a atoghadh ina uachtarán ar an gcomhaontas idirnáisiúnta sacair an chéad bhliain eile.
I ráiteas a eisíodh inniu, áfach, dúirt an FAI gur socraíodh ar an tacaíocht sin a tharraingt siar mar gheall ar an imní atá ar an eagraíocht faoin gcaoi a bhfuil FIFA á riar.
Dúradh gur cúrsaí rialachais, easpa oscailteachta agus easpa comhairliúcháin is mó a bhí ag déanamh scime don FAI.
Tá leithscéal gafa ag Infantino faoi mholadh a rinne sé sciar 20% de chomórtais FIFA a dhíol le hinfheisteoirí príobháideacha.
Cáineadh an moladh go láidir agus go forleathan agus tá UEFA san Eoraip, AFC san Áise agus CONCACAF i Meiriceá Thuaidh- Meiriceá Láir, tá siad ar fad ag iarraidh ar Infantino éirí as a phost dá bharr.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


