Tá na hionaid vótála oscailte ó mhaidin i dtoghcheantar Clacton in Essex in oirdheisceart Sasana, áit a bhfuil fothoghchán parlaiminte ar siúl tar éis do cheannaire Reform UK Nigel Farage éirí as a shuíochán gan choinne agus a fhógairt go rachadh sé san iomaíocht arís don suíochán céanna.
D'éirigh Nigel Farage as an suíochán an mhí seo caite mar agóid in aghaidh fiosrúcháin atá Parlaimint Westmister a dhéanamh faoi shíntiúis áirithe a fuair sé agus mar agóid in aghaidh ceisteanna ó na meáin chumarsáide faoi na síntiúis sin.
Tá beag is fiú déanta den fhothoghchán ag na príomhpháirtithe polaitíochta thall, ámh, agus tá siad ag déanamh baghcat air.
Deir na páirtithe sin nach bhfuil sa chúis ar fad ach seoladh an philibín óna nead ag Nigel Farage.
Mar sin féin, tá 34 iarrthóir san iomaíocht san fhothoghchán, ar níos mó den súgradh ná den dáiríre ag a mbunáite é.
Ní thaitníonn sin le Nigel Farage, áfach, ó theastaigh uaidh dul i gcomhrac leis na páirtithe eile ar son an duine mar chách, dar leis, le súil sop na geire a chuimilt do pholaiteoirí na bunaíochta.
I dtaca leis an duine mar chách de, más ea, tá an fothoghchán ag cosaint thart ar £250,000 ar na cáiníocóirí thall.
Dúnfaidh na hionaid vótála ag 10 a chlog anocht agus tosófar ag comhaireamh na vótaí ar an bpointe.
De réir na bpobalbhreitheanna, ní dóichí an Cháisc a bheith ar an Domhnach nó buafaidh Nigel Farage an suíochán an athuair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


