Tá $29 milliún (€25 milliún) i ndamáistí ceadaithe ag giúiré i gcúirt shibhialta sna Stáit Aontaithe do theaghlach fir as Éirinn a maraíodh i dtubaiste eitleáin san Aetóip in 2019.
Bhí Micheál Ryan, as an Leacht i gCo an Chláir, ar dhuine den 157 duine a maraíodh nuair a thit an t-eitleán Boeing 737 MAX go talamh sé nóiméad tar éis di Aerfort Addis Ababa a fhágáil agus í ar a bealach go Nairobi sa Chéinia.
39 bliain d'aois a bhí Micheál Ryan. Bhí sé pósta agus bhí beirt pháistí aige.
Innealtóir a bhí ann agus bhí sé ag obair do Chlár Domhanda Bia na Náisiún Aontaithe san Afraic nuair a maraíodh é.
D'oibrigh sé cheana chomh maith san Afganastáin, i Srí Lanca, i Neipeal agus in áiteanna nach iad.
Is í a bhaintreach, Naoise Connolly Ryan, a chuir an dlí ar Boeing faoi bhás éagórach a fir chéile agus faoi fhaillí.
Chuir teaghlaigh eile an dlí ar Boeing freisin agus socraíodh an chuid is mó de na cásanna sin taobh amuigh den chúirt.
Dúirt aturnae Naoise Connolly Ryan, más ea, gur theastaigh uaithi Boeing a thabhairt chun cuntais agus chun cúitimh os comhair an ghiúiré sa chúirt in Chicago seachas glacadh le hairgead ón aerlíne go neamhphoiblí.
Tá leithscéal gafa ag Boeing faoin tubaiste san Aetóip agus faoi thubaiste eile san Indinéis an bhliain roimhe sin inar maraíodh 189 duine.
Dúirt an comhlacht gur bogearra lochtach ba chionsiocair leis an dá thubaiste.
Mar leis an tubaiste san Aetóip, bhí cead iarrtha ag an bpíolóta filleadh ar Addis Ababa mar gheall ar "dheacrachtaí" a bhí tugtha faoi deara aige go luath tar éis don eitleán an t-aerfort sin a fhágáil.
Eitleán nua a bhí inti, bhí cothabháil déanta uirthi an mhí roimh an tubaiste agus ní raibh ach 1,200 uair an chloig caite aici san aer go dtí sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


