Tá rialacha nua le tabhairt isteach ag an Rialtas chun dul i ngleic le sciúradh airgid.
Is ar bhuíonta coireachta eagraithe agus ar ghrúpaí sceimhlitheoireachta atá an straitéis nua dírithe.
Is le criptea-airgeadraí agus trí chomhlachtaí cearrbhachais a sciúrann na dreamanna sin riar maith dá gcuid airgid.
D'fhoilsigh an Roinn Airgeadais tuarascáil ar an gceist le gairid agus tá dlíthe nua chun dul i ngleic le drochéadáil le tabhairt isteach ag an Aontas Eorpach.
Faoi na rialacha nua sa tír seo, beidh sé i bhfad níos deacra airgead neamhdhleathach a aistriú ó áit go háit.
Fiosrófar go mion úinéireacht comhlachtaí a bhfuil amhras fúthu, ós minic ag coirpigh struchtúir úinéireachta an-chasta a bhunú le mearbhall a chur ar na húdaráis.
Déanfar tuilleadh maoirseachta freisin ar an earnáil cearrbhachais mar go bhfuil sé de nós ag coirpigh suimeanna móra airgid a chur i ngeall ar iomaitheoirí i gcomórtais a bhfuil a fhios cheana cé a bhuafas iad.
Ina cheann sin, feabhsófar an comhoibriú idir Ranna Rialtais, na Gardaí, na Coimisinéirí Ioncaim, an Biúró um Shócmhainní Coiriúla, an Banc Ceannais agus forais airgeadais éagsúla.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


