Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

199 páiste ag fanacht le hobráid dromlaigh

14 AUGUST 2026, 10:13

Rinneadh 279 obráid dromlaigh ar pháistí ó thús 2026
Twitter Facebook

199 leanbh agus duine óg atá ag fanacht le hobráid dromlaigh i gcomparáid le 231 an t-am seo anuraidh, de réir figiúirí nua ó Shláinte Leanaí Éireann.

Leanaí agus daoine óga iad seo a bhfuil scolóis orthu agus a bhfuil obráid de dhíth orthu leis an gcuar cliathánach ina ndromlach a dhíríú.

Léiríonn na figiúirí go bhfuil seachtar den 199 ag fanacht idir 12-15 mí le hobráid. Tá beirt acu acu ag fanacht idir 18-24 mí agus tá duine amháin ag fanacht idir 24-36 mí.

Rinneadh 279 obráid dromlaigh ó thús 2026 ach tháinig 229 cás nua chun cinn freisin.

Léiríonn na figiúirí nua chomh maith go bhfuil 431 leanbh agus duine óg ag fanacht le coinne mar othar seachtrach i gcomparáid le 557 an t-am seo anuraidh.

Dúirt príomhfheidhmeannach Shláinte Leanaí Éireann Lucy Nugent gur cruthú atá sna figiúirí go bhfuiltear ag laghdú an achar ama atá leanaí ag fanacht le hobráid agus gur an-dul chun cinn é sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ