Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Bonn óir, bonn airgid buaite ag reathaithe as Éirinn

14 AUGUST 2026, 11:21

Mark English
Twitter Facebook

Táthar ag tréaslú go fial a ngaisce le beirt reathaithe as Éirinn a bhuaigh boinn i gCraobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa in Birmingham tráthnóna inné.

Bhuaigh Mark English as Dún na nGall an bonn óir i rás 800 méadar na bhfear, an chéad uair riamh a bhuaigh fear as an tír seo bonn óir sna craobhchomórtais Eorpacha, agus bhuaigh Rhasidat Adeleke as Baile Átha Cliath an bonn airgid i rás 200 méadar na mban.

Chríochnaigh Mark English an rás i 1:45.26, gan barr ribe idir é agus Marino Bloudek as an gCróit agus Mohamed Attaqui na Spáinne a chríochnaigh an rás i 1:45.62 agus i 1:45.71 faoi seach.

Dúirt Mark English go raibh sé mionnaithe an bonn óir a bhuachan agus gur faoiseamh a bhí air thar aon rud eile i ndiaidh an ráis.

Ní raibh ann ach fís ina mheabhair roimhe seo, arsa sé, ar scéal eile ar fad anois é ó fíoraíodh é.

Ghabh sé buíochas lena lucht tacaíochta, lena chumann áitiúil i Srath an Urláir agus lena chóitseálaí Patsy McGonagle.

Fiche nóiméad ina dhiaidh sin, tháinig Rhasidat Adeleke as Tamhlacht sa dara háit ina rás féin.

Bhí sí sa cheathrú háit gar don deireadh ach d'imigh sí sna caorthintí le teacht suas le beirt den triúr a bhí roimpi.

Birmingham , United Kingdom - 13 August 2026; Rhasidat Adeleke of Ireland celebrates after finishing second with time 22.28 and winning the silver medal in the women's 200m final during day four of the European Athletics Championships 2026 at Alexander Stadium in Birmingham, England. (Photo By Sam B
Rhasidat Adeleke

Is í an Sasanach Amy Hunt a bhuaigh an bonn óir nuair a chríochnaigh sí an rás i 22.19.

Chríochnaigh Rhasidat Adeleke an rás i 22.28, díreach roimh Dina Asher-Smith, Sasanach eile, a chríochnaigh an rás i 22.29.

Dúirt Rhasidat Adeleke go raibh sí an-bhuíoch as bonn a bhuachan go háirithe ó bhí sí gortaithe ar feadh scaithimh roimh an ngaisce is deireanaí seo aici.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Rhasidat Adeleke

Is í an Sasanach Amy Hunt a bhuaigh an bonn óir nuair a chríochnaigh sí an rás i 22.19.

Chríochnaigh Rhasidat Adeleke an rás i 22.28, díreach roimh Dina Asher-Smith, Sasanach eile, a chríochnaigh an rás i 22.29.

Dúirt Rhasidat Adeleke go raibh sí an-bhuíoch as bonn a bhuachan go háirithe ó bhí sí gortaithe ar feadh scaithimh roimh an ngaisce is deireanaí seo aici.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

' />