Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Míshástacht i bhFianna Fáil faoi mholadh maidir le Skyclarys

14 AUGUST 2026, 12:55

Is é an comhlacht Biogen a dhéanann Skyclarys
Twitter Facebook

Tá bunáite na dTeachtaí Dála, na Seanadóirí agus na bhFeisirí Eorpacha i bhFianna Fáil nach bhfuil cúraimí Rialtais orthu tar éis a n-ainm a chur le litir ina léirítear imní faoin moladh a rinne coiste ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach n-íocfadh an Stát as an gcógas leighis Skyclarys do dhaoine a bhfuil Ataicse Friedreich orthu.

An tAire Stáit Catherine Ardagh, is í an t-aon duine den 48 ball de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil a shínigh an litir a bhfuil cúraimí Rialtais uirthi.

53 duine atá i bpáirtí parlaiminte Fhianna Fáil nach Airí Rialtais ná Airí Stáit iad.

Deirtear sa litir a seoladh chuig ceannasaíocht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach bhfuil an córas atá ann faoi láthair maidir le maoiniú cógas leighis, nach bhfuil sé cuí, ceart ná cóir.

Seoladh an litir freisin chuig an Taoiseach Micheál Martin, chuig an Tánaiste Simon Harris agus chuig an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill.

Iarrtar sa litir ar na húdaráis gach ar féidir leo a dhéanamh lena chinntiú go bhfaighidh daoine a bhfuil Ataicse Friedreich orthu an cúnamh a bhfuil siad ina theideal.

Galar néaramhatánach nach dtéann ach in olcas is ea Ataicse Friedreich. Níl sé coitianta ach tá sé ar thart ar 200 duine sa Stát seo.

Níl aon chógas leighis eile ar fáil seachas Skyclarys a chuireann moill ar an dul in olcas i gcás 50% d'othair. Tá Skyclarys thar a bheith daor, áfach.

Is é an comhlacht Biogen a dhéanann Skyclarys agus bhí Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag margáil leo faoin bpraghas.

Ba é toradh na margála sin go gcosnódh sé €280,000 ar an Stát gach bliain an cógas leighis a chur ar fáil do dhuine amháin.

D'fhágfadh sín gur €130 milliún a chosnódh sé Skyclarys a chur ar fáil do gach othar i gcaitheamh cúig bliana.

Is é dearcadh an choiste ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a d'iniúch an scéal, más ea, nach mbeadh sé sin éifeachtúil ó thaobh costas de agus nárbh fhiú an tairbhe an t-airgead.

Tá cinneadh faoin moladh sin le déanamh ag ceannasaíocht Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an 25 Lúnasa.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ