Tá an cogadh san Úcráin agus gach a dtagann as ar an bpríomhcheist atá Airí Cosanta an Aontais Eorpaigh a chíoradh i gcruinniú neamhfhoirmiúil in ionad Ghleann na nDraoithe i dtuaisceart Chontae Chill Mhantáin inniu.
Is in Éirinn atá na hairí tagtha le chéile ós ag an tír seo atá Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh faoi láthair.
Tá dianslándáil i bhfeidhm thart ar an ionad i gceantar Bhaile an Chinnéidigh – ar na bóithre, san aer os a chionn agus i Muir Éireann féin, de réir dealraimh – agus an oiread maithe móra polaitíochta ón 27 ballstát cruinnithe in áit amháin.
Is í ceannasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh, an tEastónach Kaja Kallas, cathaoirleach an chruinnithe.
D'iarr Kaja Kallas ar na ballstáit tacaíocht bhreise a chur ar fáil don Úcráin agus cur le hacmhainn na tíre sin í féin a chosaint ar ionsaithe aeir ón Rúis, go háirithe ó tá géaraithe ar mhinicíocht na n-ionsaithe sin le dhá mhí.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin an tseachtain seo caite go raibh rún ag an Rialtas tacaíocht na mballstát don Úcráin a dhaingniú le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas.
Tá an choimhlint idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin le criathrú freisin sa chruinniú i gCill Mhantáin inniu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


