Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear cúisithe i ndúnmharú a mháthar i nGaillimh

02 SEPTEMBER 2026, 12:13

Dubravko Ostojić ag Teach Cúirte na Gaillimhe i mí Aibreáin seo caite
Twitter Facebook

Tugadh fear 33 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche na Gaillimhe agus é cúisithe i ndúnmharú a mháthar sa chathair sin i mí Aibreáin seo caite.

Sin é Dubravko Ostojić as Claí Mór, Baile an Bhriotaigh, i nGaillimh atá cúisithe i ndúnmharú a mháthar Milena Ostojić, a bhí 65 bliain d'aois, ar ionsaíodh go brúidiúil í ina háit chónaithe i gClaí Mór, Baile an Bhriotaigh, ar an 24 Aibreán.

Fuair sí bás san ospidéal an lá dar gcionn.

Dúirt Garda sinsearach sa chúirt inniu nach ndúirt Dubravko Ostojić aon ní nuair a cúisíodh é sa dúnmharú ar maidin inniu.

Thug aturnae an chúisí le fios nach mbeadh ateangaire ag teastáil óna chliant mar go raibh Béarla an-mhaith aige.

Chuir an Breitheamh Fiona Lydon Dubravko Ostojić siar faoi choinneáil agus d'ordaigh é a thabhairt os comhair na cúirte arís ar nasc físe Dé Luain seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ