Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Beidh reifreann in Éirinn ar athaontú na tíre' – McEntee

02 SEPTEMBER 2026, 14:41

An tAire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee
Twitter Facebook

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee go gcreideann sí go mbeidh reifreann in Éirinn ar athaontú na tíre san am le teacht agus nach mór d'Éirinn agus don Bhreatain araon a bheith ullamh dó.

Ina dhiaidh sin féin, ar sí, is ceart díriú faoi láthair ar dhaoine a thabhairt le chéile.

Ag tagairt a bhí Helen McEntee don chonspóid a tharraing Príomh-Aire nua na Breataine Andy Burnham an tseachtain seo caite nuair a dúirt sé go raibh reifreann ar cheist an athaontaithe "curtha as an áireamh" aige agus gurbh é an chloch ba lú ar a phaidrín é.

Ba lom an rá é ag Andy Burnham, áfach, agus ní raibh sé soiléir cad go baileach a bhí ar intinn aige.

Cuireadh ina leith nach raibh forálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta ar eolas aige i dtaca le reifreann de.

Ina dhiaidh sin, gheall Andy Burnham go gcloífeadh sé "100%" le Comhaontú Aoine an Chéasta agus dúirt gurbh é a bhí ar intinn aige gur theastaigh uaidh díriú ar cheisteanna atá le réiteach go pras sa Tuaisceart thar cheisteanna a bhaineann leis an am atá le teacht.

Bhí Helen McEntee ag freagairt ceisteanna ó iriseoirí ar an ábhar ag cruinniú neamhfhoirmiúil d'Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh atá ar siúl i gCo Chill Mhantáin inniu.

Ní mór a bheith ullamh don reifreann agus do na ceisteanna éagsúla a thógfar nuair a ghairmfear é ionas go bhféadfar aghaidh a thabhairt orthu mar is ceart, a dúirt sí.

Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Ed Miliband, bhí sé ar dhuine de na haíonna ó stáit taobh amuigh den Aontas Eorpach a bhí páirteach sa chruinniú.

Dhiúltaigh sé aon trácht a dhéanamh ar a ndúirt Andy Burnham ach thug le fios gur mhian leis a dhearbhú gur sheas Rialtas na Breataine le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ