Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Praghasanna réadmhaoine in Éirinn measta 17% os cionn luacha

04 SEPTEMBER 2026, 13:36

Praghasanna réadmhaoine in Éirinn measta 17% os cionn luacha
Twitter Facebook

Tá praghasanna réadmhaoine in Éirinn measta 17% os cionn luacha, a deir an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, an ESRI.

Rinne an institiúid measunú ar an gcostas a bhaineann le teach a cheannach ag cur san áireamh réimse de bhunphrionsabail eacnamaíochta, ina measc, an teacht isteach atá ag daoine, rátaí boilscithe agus déimeagrafaic.

Chimney pots on the roof of a house

Dúirt an Institiúid cé go bhfuil leibhéal suntasach réadmhaoine measta os cionn luacha go bhfuil sé níos ísle ná mar a facthas roimh an ghéarchéim airgeadais dhomhanda.

Property

Deir an ESRI go bhfuil praghasanna tithe imithe in airde níos tapúla ná ioncam daoine, go bhfuil ardú ar rátaí morgáiste agus nach bhfuil dóthain tithe ann chun freastal ar an éileamh sa tír.

Idir an dá linn, tháinig méadú 3.1% ar gheilleagar na tíre sa chéad leath den bhliain, sin de réir figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh.

Bhí baint mhór ag caiteachas pearsanta leis sin mar gur tháinig ardú 2.8% ar an gcaiteachas sin sa chéad leath de 2026.

Ach tháinig laghdú 7% ar an olltáirgeacht intíre nó an GDP nuair a chuirtear comhlachtaí il-náisiúnta san áireamh.

Tháinig borradh ollmhór faoi dhíolachán táirgí cógaisíochta i mí Márta 2025 rud nár tharla i mbliana.