Tuairiscítear go bhfuil tuairim is 100 post i mbaol sa chomhlacht Daktronics atá lonnaithe in Inis Díomáin i gContae an Chláir agus tús curtha ag an gcomhlacht ilnáisiúnta Meiriceánach le próiseas iomarcaíochta.
Tá macnamh ar bun ag Daktronics maidir le tarraingt amach as a ghnó iompair idirnáisiúnta oiriúnaithe.
Is soláthróir domhanda é Daktronics de theicneolaíocht chlosamhairc agus léiriú digiteach. Úsáidtear a gcuid córas in earnáil an iompair.
Cuireann an gnó córais rialaithe agus léiriú digiteach ar fáil do chustaiméirí iarnróid, bus agus bóthair taobh amuigh de na Stáit Aontaithe agus Ceanada.
Bunaíodh an comhlacht sna Stáit Aontaithe in 1968 agus tá sé ag feidhmiú ar fud an domhain.
Tá Daktronics lonnaithe in Inis Díomáin i dtuaisceart chontae an chláir le dhá bhliain déag anuas.
Deir Daktronics go bhfuil fostaithe in Éirinn curtha ar an eolas go bhfuil a gcuid rólanna anois i mbaol agus an comhlacht i mbun comhairliúcháin leis an bhfoireann maidir le todhchaí an chomhlachta ag a áis déantúnsaíochta in Inis Díomáin agus maidir le rólanna eile atá lonnaithe in Éirinn chomh maith.
Deir an comhlacht nach bhfuil an cinneadh deireannach déanta fós.
Deir an Teachta Dála agus Aire Stáit i gContae an Chláir Timmy Dooley gur buille mór é an fógra do bhaile Inis Díomáin agus don cheantar máguaird i dtuaisceart an Chláir.
Dúirt an tAire Stáit go raibh sé i dteagmháil leis an IDA agus lena chomhghleacaithe Rialtais agus go dtabharfaidh an Stát gach tacaíocht agus is féidir do na hoibrithe.


