I Neipeal, ''míorúilt'' a deir lucht cuardaigh agus tarrthála a bhí i dtarrtháil bheirt fhear a bhí sáinnithe i dtollán de chuid stáisiúin hidrea-chumachta, naoi lá ó maraíodh os cionn míle duine i dtuillte tubaisteacha ar an teorainn idir Neipeal agus an Tibéid.
Fuarthas corp duine eile chomh maith.
Ábhar dóchais a bhí ann ar an deichiú lá do na hiarrachtaí cuardaigh agus tarrthála atá fós ar bun sa cheantar.
Tá dóchas ag méadú arís anois go bhféadfaí teacht ar níos mó daoine atá fós ina mbeatha agus sáinnithe faoin smionagar sa tollán céanna.
Thug duine de na fir a tarrtháladh le fios go raibh sé in ann labhairt le triúr nó ceathrar a bhí sáinnithe níos faide siar sa tollán.
Déanfaidh lucht tarrthála gach iarracht dul chomh fada leo ach deirtear go bhfuil na coinníollacha cuardaigh an-dian sa cheantar.
Maraíodh os cionn 1,300 duine sa tubaiste agus tuairiscítear go bhfuil os cionn 5,600 fós ar iarraidh sa Tibéid agus i Neipeal.


