Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

300,000 oibrí san earnáil phoiblí ar stailc lae

14 OCTOBER 2026, 09:59

Oibrithe i mbun picéid ag Ospidéal an Aonaigh i gCo Thiobraid Árann
Twitter Facebook

Tá os cionn 300,000 oibrí san earnáil phoiblí ar stailc ceithre huaire fichead ón meán oíche mar gheall ar aighneas faoi chomhaontú nua pá.

Tá oibrithe ar fud na tíre ag cur picéad ar a gcuid ionad oibre ó mhoch maidine lena míshástacht a chur in iúl faoin tsáinn ina bhfuil comhráite faoi chomhaontú nua.

Teastaíonn gealltanais dhochta ó cheardchumainn na n-oibrithe i dtaca le cúrsaí pá de sula nglacfaidh siad páirt i gcomhráite leis an Rialtas.

Deir an Rialtas, áfach, nach nglacfaidh siad le réamhchoinníollacha sa phróiseas margála.

Tá altraí, dochtúirí, múinteoirí, cúntóirí riachtanas speisialta agus státseirbhísigh i measc na n-oibrithe atá ar stailc inniu.

Tá an chuid is mó de scoileanna agus de choláistí tríú leibhéal na tíre dúnta de bharr na stailce.

A large crowd on a picket line in Galway waving flags and holding placards from the Fórsa trade union
Oibrithe ó dhá cheardchumann i mbun picéid taobh amuigh de scoil riachtanas speisialta i gcathair na Gaillimhe

Cuireadh ar ceal nó ar athlá na mílte coinne leighis mar gheall ar an stailc agus tá fiaclóirí atá fostaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte páirteach sa ghníomhaíocht thionsclaíoch freisin.

Mar sin féin, tá seirbhísí leighis áirithe ar fáil mar is gnách, lena n-áirítear rannóga timpistí agus éigeandála, aonaid scagdhealaithe duán agus otharcharranna.

Mar le hotharcharranna, áfach, is seirbhís chiorraithe atá i gceist.

Tá dochtúirí teaghlaigh ag obair mar is gnách agus tá cógaslanna oscailte freisin.

Tá éisteachtaí cúirte curtha ar athlá chomh maith, seachas cásanna práinneacha a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht dhaoine.

Tá Oireachtas Éireann dúnta agus tá oibrithe i dTeach Laighean i mbun picéid ag na geataí ansin.

Cloverhill Wheatfield strikes
Oifigigh phríosúin i mbun picéid taobh amuigh de Phríosún Chnoc na Seamar i mBaile Átha Cliath

Cé nach bhfuil oibrithe sna seirbhísí iompair ar stailc, tá treoir tugtha ag an gCumann Náisiúnta Bus agus Iarnróid dá mbaill gan dul thar aon líne phicéid.

Tá scrúduithe tiomána curtha ar ceal freisin agus deir an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre go n-eagrófar coinní nua do dhaoine a luaithe is féidir.

Mar leis na húdaráis áitiúla, níl sráideanna ná páirceanna poiblí á nglanadh, cé nach gach páirc phoiblí atá oscailte.

Tá leabharlanna agus láithreáin oidhreachta ar fud na tíre dúnta freisin.

Níl comhaltaí den Gharda Síochána ná comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann páirteach san agóid mhór náisiúnta, cé gur oibrithe earnála poiblí iad, mar go bhfuil cosc dlíthiúil orthu dul ar stailc.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ