Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Srianta curtha ar sheirbhís satailíte Starlink san Úcráin

15 OCTOBER 2026, 12:15

Ceann de shatailítí Starlink
Twitter Facebook

Tá sé deimhnithe ag an Úcráin go bhfuil srianta curtha ar an teacht atá ag fórsaí míleata na tíre ar Starlink, an tseirbhís satailíte de chuid SpaceX, agus nach bhfuil córas cosanta aeir na tíre ag feidhmiú chomh maith agus a bhí dá bharr sin.

Is cosúil go bhfuil an luas atá faoin gcóras cosanta níos moille anois mar gheall ar na srianta nua.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky gur mhór an botún é na srianta a thabhairt isteach agus mhaígh sé go bhfaigheadh a lán daoine bás dá dheasca.

Níor chuir Zelensky an milleán ar aon duine faoin gcinneadh ach dúirt príomhfheidhmeannach SpaceX Elon Musk gurb iad fórsaí míleata na Stát Aontaithe, agus Uachtarán na Stát Aontaithe i ndeireadh na dála, gurb iad a chinneann cén teacht atá ag tíortha eile ar Starlink.

Tá Elon Musk agus Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump mór le chéile.

Tá an caidreamh idir Volodymyr Zelensky agus Donald Trump tar éis dul in olcas, áfach, go háirithe ó d'fhógair Trump go raibh na Stáit Aontaithe leis na milliúin bairille díosail a cheannach arís ón Rúis.

Meastar go mbaineann an cor sin sa scéal leis an bpraghas ard atá ar bhreosla sna Stáit Aontaithe faoi láthair agus leis na toghcháin mheántéarma a bheas ar siúl ansin ar an 3 Samhain.

D'ordaigh Trump don Úcráin gan scaglanna ola sa Rúis a ionsaí a thuilleadh i bhfianaise an mhargaidh atá déanta aige leis an tír sin.

Ghéill an Úcráin d'ordú Trump ar an gcéad dul síos ach d'fhógair Zelensky inniu go dtosódh an Úcráin ag déanamh ruathar ar scaglanna ola sa Rúis an athuair gan mhoill.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ