Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

15 bliain príosúin gearrtha ar Jeffrey Donaldson as cionta gnéis

15 OCTOBER 2026, 12:49

Dúirt an Breitheamh Paul Ramsey go raibh náire shaolta tarraingthe ag Jeffrey Donaldson air féin
Twitter Facebook

I gcúirt san Iúr i gCo an Dúin, gearradh cúig bliana déag príosúin ar iarcheannaire an DUP Jeffrey Donaldson as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar chailín scoile agus as í a éigniú, agus as ionsaithe mígheanasacha a dhéanamh ar chailín eile.

Ciontaíodh Jeffrey Donaldson sna coireanna sin i mí an Mheithimh seo caite agus tá sé faoi choinneáil ó shin.

Ina thriail, thug an bheirt íospartach cuntas ar na hionsaithe gnéis a rinne Jeffrey Donaldson orthu idir 1985 agus 2008.

Agus an téarma príosúin á ghearradh aige ar Jeffrey Donaldson inniu, dúirt an Breitheamh Paul Ramsey go raibh náire shaolta tarraingthe ag Jeffrey Donaldson air féin.

Dúirt an breitheamh nár iarr Jeffrey Donaldson pardún riamh ar an mbeirt íospartach agus gur shéan sé ó thús go deireadh go ndearna sé ionsaithe gnéis orthu nuair a bhí siad óg.

Jeffrey Donaldson arriving at Newry Crown Court
Jeffrey Donaldson ag dul isteach sa chúirt san Iúr i mí an Mheithimh

Bhí an bheirt bhan sa chúirt inniu agus gan ach cúpla méadar idir iad agus an ciontach.

Léigh an breitheamh sleachta as ráitis tionchair íospartaigh na mban ina ndúirt siad gur fhulaing siad go mór agus go bhfuil siad fós ag fulaingt de bharr an fhill a rinne Jeffrey Donaldson orthu.

Cúisíodh bean chéile Jeffrey Donaldson, Eleanor Donaldson, i gcúig chion maidir le cabhrú lena fear céile a choireanna a dhéanamh agus neartú leo.

Phléadáil Eleanor Donaldson neamhchiontach agus i mí na Bealtaine seo caite rialaigh an Breitheamh Ramsey nach bhféadfaí í a chur ar a triail mar nach raibh a meabhairshláinte sách maith.

Eleanor Donaldson

Dúirt síciatraí dlí-eolaíochta go raibh Eleanor Donaldson i mórísle brí, go raibh an baol ann go dtabharfadh sé ainíde di féin agus go raibh sí thar a bheith imníoch agus ar tinneall an t-am ar fad.

Seachas triail choiriúil, mar sin, is 'triail fíricí' a éisteadh i gcás Eleanor Donaldson agus rialaíodh gur gurbh amhlaidh a chabhraigh sí lena fear céile a choireanna a dhéanamh agus a neartaigh sí leo.

Gearrfar pionós uirthi an mhí seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ