Tá fear agus bean gafa ag na Gardaí maidir leis an ionsaí coirloiscthe a rinneadh ar theach cónaithe i gcathair Phort Láirge arú inné inar maraíodh ceathrar ón teaghlach céanna.
Is sna fichidí atá an fear agus is sna tríochaidí atá an bhean.
Gabhadh an bheirt ar amhras gur chuidigh siad le heagraíocht coireachta agus tá siad á gceistiú sa stáisiún Gardaí céanna san oirdheisceart.
Maraíodh Kim English, a fear céile Philip English, agus a mbeirt mhac, Callum, a bhí dhá bhliain déag d'aois, agus Jayden, a bhí naoi mbliana, nuair a cuireadh a dteach cónaithe trí thine in eastát Choill na Beithe i ndeisceart chathair Phort Láirge ag thart ar 5 a chlog ar maidin Dé Máirt.
Gortaíodh go han-dona beirt pháistí eile na lánúine agus tá cóir leighis á chur orthu in Ospidéal na Leanbh i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath.
Is fiosrúchán dúnmharaithe atá ar bun ag na Gardaí agus tá scrúduithe teicniúla á ndéanamh acu ar an teach i gCoill na Beithe i gcónaí.
Deir na Gardaí go bhfuil scrúduithe iarbháis déanta ar choirp an cheathrair ach níl siad sásta aon eolas a thabhairt faoi na torthaí agus an fiosrúchán fós ina thús.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


