Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí i dtuaisceart Chorcaí faoi bhás fir a bhfuarthas a chorp ar shiúlán tuairim is trí chiliméadar lasmuigh de Mhala.
Is daoine a bhí ag spaisteoireacht sa cheantar tar éis am lóin inniu a tháinig ar chorp an fhir ar an siúlán atá suite le taobh na hAbhann Móire gar do Cill an Mhuilinn.
Tuigtear gur bhain gortuithe don fhear.
Tá fios curtha ag Gardaí Mhala ar shaineolaithe ó Bhiúró Teicniúil an Gharda Síochána i mBaile Átha Cliath chun scrúdú dlí-eolaíochta a dhéanamh ar an áit a bhfuarthas an corp.
Tá scéala curtha freisin chuig Oifig an Phaiteolaí Stáit.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


