Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar bun i Mala i gCorcaigh ó fuarthas corp fir cois abhann ar imeall Mhala i dtuaisceart an chontae inné.
Rinne Paiteolaí Cúnta an Stáit, an Dochtúir Margot Bolster scrúdú iarbháis ar chorp an fhir inniu.
Tá an fear a bhásaigh ainmnithe go áitiúil.
B'in Paul O'Connor ó Bhaile Féitheán i gCorcaigh. Bhí sé 56 bliain d'aois.
Fuarthas corp an fhir ar bhealach siúil tuairim is trí chiliméadar lasmuigh de Mhala timpeall ar a leathuair tar éis a haon inné.
Daoine a bhí amuigh ag siúl a tháinig ar chorp an fhir sa cheantar atá lonnaithe taobh na hAbhann Móire cóngarach do Cill an Mhuilinn.
Deir na Gardaí nach bhfuil siad chun torthaí an scrúdaithe iarbháis a chur ar fáil go poiblí ach tuigtear gur bás foréigneach a bhí i gceist.


