Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cáineadh déanta ag Uachtarán na hÚcráine ar shocrú díosail

16 OCTOBER 2026, 17:41

Cáineadh déanta ag Uachtarán na hÚcráine ar shocrú díosail
Twitter Facebook

Tá cáineadh déanta ag Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky ar an margadh díosail atá déanta ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump leis an Rúis.

Ag cruinniú mullaigh de chuid an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil, léiríodh an-tacaíocht do Uachtarán na hÚcráine ag am a bhfuil an caidreamh idir é fhéin agus Uachtarán Mheiriceá Donald Trump imithe in olcas go mór.

Volodymyr Zelensky

Cháin Volodymyr Zelensky an socrú atá déanta ag an Teach Bán i Washingtown leis An Rúis chun díosal a cheannach agus dúirt an tUachtarán go bhfuil sé an-soiléir nach bhfuil spéis ar bith ag An Rúis i gcainteanna síochána.

Tá Donald Trump ag cur milleán ar An Úcráin faoi na praghasanna arda díosail i Meiriceá agus d'iarr sé ar An Úcráin éirí as a gcuid ionsaithe ar scaglanna ola sa Rúis.

Tá An Úcráin faoi bhrú mór i láthair na huaire mar gheall ar ionsaithe drón agus diúracán as An Rúis - agus tá an-imní go bhféadfadh Stáit Aontaithe Mheiriceá tarraingt siar ó na socruithe a bhí acu leis An Úcráin le faisnéis a roinnt agus le arm a sholáthar.