Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ag "cúiteamh" Putin atá Donald Trump a deir Zelensky

17 OCTOBER 2026, 12:26

Vladimir Putin agus Donald Trump ag cruinniú in Alaska i mí Lúnasa 2025
Twitter Facebook

Tá sé ráite ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky gur ag "cúiteamh" Vladimir Putin as a chogadh ar an Úcráin atá Uachtarán Mheiriceá Donald Trump lena chinneadh smachtbhannaí agus taraifí in aghaidh na Rúise a chur i leataobh.

Dúirt Volodymyr Zelensky go bhfuil Moscó ag iarraidh teas agus leictreachas a shéanamh ar na milliúin duine san Úcráin roimh theacht an gheimhridh.

D'fhógair Donald ⁠Trump aréir go bhfuil smachtbhannaí agus taraifí suntasacha de chuid na Stát Aontaithe ar an Rúis, le cur i leataobh, cúpla lá sula raibh siad le teacht i bhfeidhm.

An mhí seo caite a shínigh an tUachtarán Trump an dlí ach inné dúirt sé gur le leas na Stát Aontaithe a bhí sé na smachtbhannaí agus na taraifí a chur i leataobh.

I measc na n-athruithe a d'ordaigh sé a chur i leataobh faoi Ordú Forghníomhaithe a shínigh sé, tá dleachtanna ar tháirgí de chuid na Rúise agus fineálacha a bhaineann le hola agus gás de chuid na Rúise a cheannacht.

Is le tuilleadh brú a chur ar an Rúis mar gheall ar a n-ionradh ar an Úcráin i 2022 a tugadh an dlí isteach, ach tá Donald Trump ag téamh le húdaráis Mhoscó agus ag cáineadh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky ina áit sin agus ag rá fiú go bhfuil sé in am ag an Úcráin ceannaire nua a cheapadh.

Níl fágtha ach cúpla seachtainí go rachaidh pobal na Stát Aontaithe i mbun vótála san toghcháin lár-téarma, agus tá sé ag dul dian ar pháirtí Poblachtánach Trump an smacht, ar éigean, atá acu ar an dá theach na Comhdála a choimeád.

Petrol prices are seen at a petrol station in the US
Tá costas an bhreosla ag méadú de shíor sna Stáit Aonaithe, áit a mbíodh praghasanna íseal le fada

Bhí an baol ann go méadódh na smachtbhannaí agus na taraifí praghasanna ola sna Stáit Aontaithe tuilleadh, agus an pobal ansin ag fulaingt cheana féin le costas ard maireachtála ó thosaigh Meiriceá agus Iosrael a gcogadh ar an Iaráin.

De réir na reachtaíochta a hainmníodh i gcuimhne ar an Seanadóir as South Carolina, Lindsey Graham, ghearrfaí taraifí 100% ar tháirgí amh-ola nó gáis de chuid na gcúig chomhlachtaí is mó sa Rúis, agus ghearrfaí taraifí chomh maith ar aon tír eile a cheannódh ola nó gás 30 lá tar éis den dlí teacht i bhfeidhm.

Ciallaíonn ordú Donald Trump inné go gcuirfear na smachtbhannaí agus na taraifí i leataobh go dtí go measfaidh an tUachtarán go bhfuil gá lena athrú.