Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Bean agus fear os comhair cúirte faoi ionsaí tine i bPort Láirge

17 OCTOBER 2026, 17:11

Tugadh Jessica Dalton (31) agus Cian Stacey (21) os comhair Chúirt Dúiche Chluain Meala tráthnóna
Twitter Facebook

Tugadh bean agus fear os comhair cúirte tráthnóna maidir leis an ionsaí coirloiscthe inár maraíodh ceathrar d'aon teaghlach amháin i gcathair Phort Láirge an tseachtain seo.

Maraíodh Philip English, a bhean chéile Kim English, agus a leanaí Callum agus Jayden san ionsaí.

Tháinig Cian Stacey, 21, nach bhfuil aon seoladh buan aige, agus Jessica Dalton, 31, a bhfuil seoladh aici i gcathair Phort Láirge i láthair suí speisialta de chúirt Dúiche Chluain Meala tráthnóna.

Cuirtear i leith na beirte go ndearna siad ionsaí díobhálach ar bheirt nach féidir a ainmniú ar chúinsí dlí. Cuirtear damáiste coiriúil ina leith chomh maith.

Thug an Bleachtaire Sáirsint Michael Burke ó stáisiún Gardaí Phort Láirge, fianaise nár fhreagair Jessica Dalton nuair a cuireadh na cúiseanna ina láthair.

Dúirt an Bleachtaire Sáirsint Brian O'Callaghan, as an stáisiún Gardaí céanna, nár fhreagair Cian Stacey ach oiread nuair a cuireadh na cúiseanna ina leith.

Cuireadh Jessica Dalton siar faoi choinneáil agus tiocfaidh sí os comhair Chúirt Dúiche Phort Láirge Dé Máirt seo chugainn.

Tiocfaidh Cian Stacey os comhair na cúirte céanna Dé Máirt ar nasc físe.

application for bail was being made in either case.

Cian Stacey

Jessica Dalton 31

Ní dhearna