Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Gradam Ceoil TG4 – Gradam Comaoine 2023

Fáiltíonn Gradam Ceoil TG4 roimh ainmniúcháin ar dhuine nó daoine ar cheart aitheantas domhanda a thabhairt dóibh as an méid atá curtha i gcrích acu do na healaíona taibhléirithe traidisiúnta. D’fhéadfaí an Gradam Comaoine seo a bhronnadh ar dhuine mar gheall ar an obair a rinne sé/sí mar mhúinteoir, taighdeoir, scríbhneoir, eagraí imeachtaí, meantóir, léiritheoir, gníomhaí pobail nó duine de lucht tacaíochta na n-ealaíon traidisiúnta.

  • Is féidir duine aonair, eagraíocht, togra pobail nó togra faoi leith eile a mholadh don Ghradam.
  • Is féidir le hainmniúcháin a bheith lonnaithe áit ar bith ar domhan agus a bheith ag obair i réimse ar bith sna healaíona traidisiúnta.
  • Glacfar le hainmniúcháin go dtí an 7 Feabhra 2023.
  • Ní féidir ach ainmniúchán amháin a dhéanamh in aghaidh seoladh ríomhphoist.

Beidh gearrliosta de sheisear ainmnithe roghnaithe ag coiste roghnúcháin Ghradam Ceoil TG4. Déanfar an roghnú deireanach ag painéal roghnúcháin Ghradam Ceoil TG4. Fógrófar an faighteoir faoi thús Mhárta 2023.