Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An líon is mó ban riamh san iomaíocht san Olltoghchán

17 SAMHAIN 2024, 12:13

Cuid de na mná a bheidh san iomaíocht san Olltoghchán ag Teach Laighean ar maidin
Twitter Facebook

Beidh an líon is mó ban riamh go dtí seo san iomaíocht san Olltoghchán, de réir an ghrúpa Women for Election.

248 bean san iomlán a bheidh sa tóir ar shuíochán Dála ar an 29 Samhain - sin ardú de 53% ón bhliain 2020.

Tá an figiúr seo bunaithe ar eolas a chuir Ceann Chomhairimh na 43 Dáilcheantar éagsúla ar fáil.

As an 685 iarrthóir a chláraigh roimh an sprioc am inné, bhí 248 bean ina measc.

Tá ar a laghad beirt bhan san iomaíocht i ngach Dáilcheantar.

Ba é Olltoghchán na bliana 2020 an chéad uair a raibh bean san iomaíocht i ngach Dáilcheantar.

Den chéad uair i mbliana tá cúota ban de 40% i bhfeidhm ag na páirtithe polaitiúla.

Caillfidh páirtithe 50% dá maoiniú Stáit má theipeann orthu cloí leis an chuóta agus a chinntiú gur mná iad 40% dá n-iarrthóirí.

Go dtí seo tá an cuóta bainte amach ag na páirithe uilig a bhfuil ionadaithe Dála acu.

Ba mhná iad 37 den 160 Teachta sa Dáil dheireanach, rud is ionann le 23% den iomlán.

Ní raibh aon ionadaíocht ag mná i gcúig cinn déag de na 43 Dáilcheantair