Tá sé ráite ag ceannaire Fhine Gael Simon Harris, go leanfaidh sé ar aghaidh ag stocaireacht ar son iarrthóir a pháirtí i nDáilcheantar Lú, an Seanadóir John McGahon, ainneoin na himní atá léirithe ag Fianna Fáil agus Sinn Féin araon.
Fuarthas John McGahon neamhchiontach i dtriail i 2022 as ionsaí fisiciúil ar Breen White taobh amuigh de thábhairne i gCo. Lú agus d'fhoilsigh an nuachtán an Sunday Times grianghraif de ghortuithe Breen White inniu.
Dúirt Simon Harris gur chuid den fhianaise sa triail choiriúil iad na h-íomhánna agus na físeáin ó chórais slándála ach go bhfuair giúiré an Seanadóir McGahon neamhchiontach.
Níos luaithe inniu dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin: "Is cosúil nach bhfuair an t-íospartach sa chás seo an freagra a cheapfaí a ba cheart dó a fháil. Agus ceapaim go bhfuil an tábhar tromchúiseach agus gur ceist do Fhine Gael é ar ndóigh."
"Foréigneach" agus "brúidiúíl" an cur síos a rinne ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ar an méid a tharla taobh amuigh den teach tábhairne agus cheistigh sí conas a d'fhéadfadh Simon Harris tacú le John McGahon mar iarrthóir.
Dúirt leascheannaire Fhine Gael, Helen McEntee áfach go dtacaíonn sise chomh maith leis an Seanadóir - gur phléigh na cúirteanna leis an ábhar agus gur díol suntais gur mhaígh sé gur á chosaint féin a bhí sé.
Cé go bhfuarthas John McGahon neamhchiontach i dtriail choiriúil, fuarthas 65% freagrach as damáistí é i gcás sibhialta ina dhiaidh sin. D'ordaigh an Ardchúirt dó €39,000 a íoc le Breen White.
Dúirt Breen White leis an Sunday Times inniu go bhfuil díomá air gur roghnaíodh John McGahon mar le bheith ina iarrthóir ag Fine Gael.