Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Mianaigh fhrithphearsanra le soláthar don Úcráin ag Meiriceá

20 SAMHAIN 2024, 10:52

Bean taobh amuigh dá bhfuil fanta dá teachín i sráidbhaile Kostiantynivka in Oblast Donetsk tar éis d'fhórsaí na Rúise an áit a bhuamáil, 19 Samhain 2024
Twitter Facebook

Tá na Stáit Aontaithe le mianaigh thalún fhrithphearsanra a sholáthar d'Arm na hÚcráine den chéad uair mar chuid de mhóriarracht úr an siúl a bhaint d'fhórsaí míleata na Rúise atá ag gluaiseacht chun tosaigh in oirthear na hÚcráine.

Dealraíonn sé go bhfuil Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden ag iarraidh an oiread tacaíochta breise a thabhairt don Úcráin agus is féidir leis sula n-imeoidh sé as an Teach Bán ar an 20 Eanáir, go háirithe ó tá éiginnteacht ag baint le polasaithe an Uachtaráin thofa Donald Trump maidir leis an gcogadh sa réigiún.

Arú inné, thug an tUachtarán Biden cead den chéad uair do na hÚcránaigh diúracáin fhadraonacha a sholáthair na Meiriceánaigh dóibh a scaoileadh trasna na teorann le hionaid sa Rúis.

Níor lig na hÚcránaigh an fhaill tharstu, chuir siad Joe Biden faoi bhrí a mhionna agus scaoil siad sé dhiúracán ar a laghad le réigiún Bryansk sa Rúis inné.

Saighdiúirí Úcránacha ar dualgas gar do chathair Toretsk in Oblast Donetsk, 17 Samhain 2024

Tá cinneadh Joe Biden cáinte go láidir ag na Rúisigh, áfach, agus gheall siad go ndéanfaidís beart dá gcuid féin dá réir.

Pé beart atá ar intinn acu, táthar imníoch nach ndéanfaidh siad aon mhoill á chur i gcion agus tá Ambasáid na Stát Aontaithe i bpríomhchathair na hÚcráine, Cív, dúnta ó mhaidin ar fhaitíos, a deir na Meiriceánaigh, go n-ionsófaí an áit ón aer.

Mar leis na mianaigh thalún fhrithphearsanra, tuairiscítear go bhfuil na Meiriceánaigh lena soláthar ar choinníoll nach gcuirfear iad i gceantair ina bhfuil go leor daoine ina gcónaí.

Ina cheann sin, is cosúil gur ar chumhacht cadhnraí a ritheann na mianaigh áirithe atá i gceist agus nach maireann siad ach ar feadh coicíse ar a mhéad tar éis iad a chur.

Tá col ar leith le mianaigh ghaisteacha dá sórt mar gheall ar an gcithréim mhillteach a fhágann siad ar dhaoine, sibhialtaigh a théann i mbearna an bhaoil i ngan fhios dóibh ina measc, blianta fada i ndiaidh cogaidh go minic.

Deir na hÚcránaigh, ámh, go bhfuil mianaigh thalún den chineál is urchóidí ar fad curtha ar fud oirthear na hÚcráine ag fórsaí míleata na Rúise.

Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky

In agallamh a rinne sé ar stáisiún teilifíse Fox News sna Stáit Aontaithe, dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky go gcreideann sé go gcaillfidh an Úcráin an cogadh má laghdaíonn na Meiriceánaigh an méid arm atá siad a sholáthar don tír.

Is é an rud is tábhachtaí an Úcráin agus Meiriceá a bheith ar aon aigne faoin gcogadh, arsa sé.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ