Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Coimisiúnú

 

Babhta Coimisiúnaithe TG4 Samhain 2022 do léiriú in 2023

Sprioc-am d’iarratais – Dé Luain an 20 Márta 2023 @ 16:00

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ón earnáil léiriúcháin neamhspleách chun cláir aonair agus/nó sraitheanna a sholáthar.

Critéir nach mór a bheith i d’iarratas chuig TG4:

  • Iarratas (PDF – 5 lth ar a mhéad) ina bhfuil:
    • Achoimre (250 focal ar a mhéad)
    • Ábhar an chláir / na sraithe
    • Cur chuige cruthaitheach
    • Cur chuige físiúil ón Stiúrthóir
    • Léiritheoir agus Stiúrthóir (ainmneacha agus taithí)
    • Moltaí do na daoine cumasacha taobh thiar den cheamara (luaigh baill foirne a bhfuil Gaeilge acu)
    • Moltaí do na daoine cumasacha ar an scáileán (idir láithreoir agus aíonna)
    • Cén lucht féachana ar a bhfuil sé dírithe (Croílucht féachana/Gaelach ach Náisiúnta nó Náisiúnta)
    • Amanna craolta sa sceideal.
    • Moltaí d’ábhar margaíochta (pictiúir, blaisíní agus ábhar do na meáin shóisialta)
    • Sa chás go bhfuil sé feiliúnach don togra, moltaí d’ábhar digiteach a bheadh ag dul leis an gclár / sraith (ie. Ábhar eisíoch sa bhreis don seinnteoir, podchraoladh &rl)
  • Buiséad (excel 2 lth ar a mhéad)

NB: Ní dhéanfar d’iarratas a mheas mura mbeidh na nithe thuasluaite san áireamh ann.

Caithfear iarratais agus buiséad a chur tríd an gcóras e-coimisiúin

Sa bhabhta coimisiúnaithe seo, roghnófar tograí le coimisiúnú do TG4. Sa gcás go bhfuil an t-iarratas feiliúnach, cuirfear ar aghaidh é lena bhreithniú do thacaíocht faoi bhabhtaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF), Fuaim & Fís (BAI).

 

1. FAISNÉIS / FÍORASACH (PRÍOMHSCEIDEAL TG4 2023/2024
An chéad am craolta: Lá i rith na seachtaine. Dé Céadaoin, 9.30pm agus amanna speisialta den bhliain
Formáid: Clár aonair nó sraith suas le ceithre chlár (4 x 52’)
Lucht Féachana: Náisiúnta
Buiséid: €90,000 (uasmhéid le haghaidh uair amháin)
€65,000 (uasmhéid in aghaidh na huaire do gach clár 52’ sa tsraith)

Tá sprioc amháin lárnach sa soláthar seo, is é sin na scéalta is nuaí, is fearr, leis an gcead isteach is fearr a chuirfidh ag smaoineamh muid a aimsiú.

  • Uair an chloig aonair nó sraitheanna a rachaidh i gcion go mór ar phobal leathan féachana.
  • Scéalta comhaimseartha tábhachtacha inste go príomha i nGaeilge nó cóiriú comhaimseartha ar scéalta staire.
  • Beidh cead isteach, scéalta pearsanta, leanúnacha agus súil nua ghéar ar mhuintir na hÉireann i gcroílár na scannán seo.
  • Is féidir faisnéis sna réimsí spóirt, dúlra, údaraithe, beathaisnéise agus eile a bheith ina measc fad go bhfuil cead isteach agus lámh chruthaíoch an déantóra faisnéise san áireamh.
  • Beidh meascán stíle a bhaineann le déimeagrafach, ceantair agus ton san áireamh sna huaireanta an chloig – ábhar a bheidh maoinithe ag TG4 amháin nó maoinithe i gcomhar le páirtithe eile.
  • Bíonn fáilte i gcónaí roimh iarratais forbartha go háirithe do thograí faisnéise a bhfuil uaillmhian mhór ag baint leo i dtaobh ábhair agus ardáin.

 

 


2. FÍORASACH CROÍLUCHT FÉACHANA NÓ FÍORASACH SIAMSÚIL
An chéad am craolta: Lá i rith na seachtaine. Dé Céadaoin, 7pm go 9pm
Formáid: Sraith idir 4 -13 chlár x 25’
Lucht Féachana: Croílucht Féachana
Buiséad: €55,000 (uasmhéid ar uair an chloig)

Sraith de chláracha siamsaíochta fíorasaí láidre agus tarraingteacha.

Táimid sa tóir ar ábhar siamsúil, nuálach agus ábhartha don sceideal a thabharfaidh inspioráid, cúis gháire agus deis éalaithe do chroílucht féachana TG4. Téamaí comhaimseartha a thugann léargas dúinn ar dhuine, teaghlach, grúpa nó gairm.

Fáilteofar roimh scéalta a bhaineann leis an dúlra, athrú aeráide, cúrsaí timpeallachta, tomhaltachas, faisean, tithíocht, cócaireacht, tógáil clainne, nó meascán de sheánraí.

Is fiú aird faoi leith a thabhairt ar shraitheanna siamsaíochta fíorasaí don chroílucht féachana le deiseanna athchoimisiúnaithe ó bhliain go bliain.

Tá deiseanna anseo daoine cumasacha nua a fhorbairt ar scáileán agus taobh thiar den scáileán, idir láithreoirí, chócairí agus saineolaithe ar ábhar faoi leith.
 

 


3. SIAMSÍOCHT FHÍORASACH DON TEAGHLACH
An chéad am craolta: Dé Domhnaigh
Formáid: Sraith idir 6-12 chlár 25’ nó 50’
Lucht Féachana: Náisiúnta, Teaghlaigh
Buiséad: €40,000 go €50,000 @ uair

Sraitheanna bríomhara a bheadh ina n-ábhar spéise agus siamsaíochta do theaghlaigh (do sheantuismitheoirí, tuismitheoirí, agus leanaí araon) agus iad ag ligean a scíthe tráthnóna Dé Domhnaigh.

Táimid sa tóir ar smaointe atá iomlán nua nó formáidí ar éirigh go maith leo cheana a tharraingeoidh lucht féachana ginearálta teaghlaigh agus a chuirfidh siamsaíocht ar fáil dóibh ina mbeadh blas sainiúil na hÉireann le brath.

D’fhéadfadh gur sraitheanna iad seo a bheadh taifeadta roimh ré i stiúideo nó in ionad feiliúnach eile agus iad bunaithe ar ábhar réaltachta, ar thréith agus ar fhéith na hoirfidíochta, ar cheol nó ar chomórtasaíocht agus ba chóir ilghnéitheacht a bheith i gceist ó thaobh grinn, oirfidíochta, iomaíochta, baoil, idirghníomhaíochta agus teannais chun siamsaíocht den scoth a chinntiú.

Tá an-spéis againn freisin i bhformáidí nua siamsaíochta fíorasaí a bheadh feiliúnach don sprioclucht féachana sa sliotán ama seo agus taifeadta ar an láthair timpeall na tíre. Cé gur dírithe ar theaghlaigh atá muid sa sliotán ama seo ní gá go mbeadh teaghlaigh ná gasúir páirteach i ngach sraith atá molta.

Ba chóir daoine cumasacha láidre ar an scáileán a bheith ina ghné thábhachtach d’aon smaoineamh a chuirfear chun tosaigh agus gnáthphobal na hÉireann a bheith i gcroílár na siamsaíochta.
 

 


4. CEOL TRAIDISIÚNTA
An chéad am craolta: Dé Domhnaigh, 9.30pm agus amanna speisialta den bhliain
Formáid: Clár aonair (suas go 90’) nó sraith (25’ nó 50’)
Lucht Féachana: Náisiúnta
Buiséid: €70,000 (uasmhéid ar uair aonair)
€55,000 (uasmhéid in aghaidh na huaire mar chuid de shraith)

Is é TG4 fós baile teilifíse an cheoil thraidisiúnta agus tá TG4 fréamhaithe ina pháirtí craolta sna hócáidí ceiliúrtha agus sna hócáidí ceoil thraidisiúnta is lárnaí in Éirinn.

Tá borradh agus fás tagtha ar líon agus ar réimsí soláthair ceoil TG4. Tá lucht féachana mór leathan ó gach aoisghrúpa aimsithe ag cláracha ceoil TG4.

  • Cláracha speisialta faisnéise nó ceiliúrtha.
  • Beidh fisiúlacht agus nuálaíocht chun tosaigh
  • Moltar lucht nua láithreachais agus ceoil a bheith chun tosaigh.
  • Fáilteofar roimh smaointe a bheifear ábalta iad a fhorbairt ina sraitheanna nó cláracha aonair uair an chloig / fada.
  • Ábhar feiliúnach le craoladh ag TG4 amháin nó i gcomhpháirt le maoinitheoirí eile a leathnóidh scóip an ábhair.

 

 


5. FADSCANNÁIN CEOIL THRAIDISIÚNTA
An chéad am craolta: Dé Domhnaigh, 9.30pm agus amanna speisialta den bhliain
Formáid: Clár aonair
Lucht Féachana: Náisiúnta
Buiséid: €100,000 go €120,000 ar a mhéad

Tá fáilte faoi leith roimh thograí móra faisnéise ceoil ar féidir iad a mhaoiniú i gcomhar le páirtnéirí eile lena dtaispeáint san amharclann, ag féilte in Éirinn agus thar sáile agus a bheidh le craoladh ar ardáin eile neamhlíneacha agus teilifíse chomh maith le bheith ina seoda i sceideal an Domhnaigh agus ina ócáidí sceidil i rith na bliana.
 

 


6. SIAMSAÍOCHT CHEOIL nach CEOL TRAIDISIÚNTA NÁ CEOL TÍRE Í
An chéad am craolta: Dé Domhnaigh, 10.30pm / Samhradh
Formáid: Clár aonair nó Sraith, 25’ nó 50
Lucht Féachana: Náisiúnta agus béim faoi leith ar lucht féachana 25 go 35 bliain
Buiséad don léiriú: €55,000 @ uair

Sraitheanna ceoil a thabharfaidh suíochán chun tosaigh do lucht féachana TG4 ar an gcuid is fearr de cheol agus d’amhránaíocht chomhaimseartha na tíre seo agus níos faide i gcéin – idir cheoltóirí aitheanta agus daoine cumasacha nua.

  • Beidh fáilte go háirithe roimh smaointe chun lucht féachana níos óige a mhealladh (idir 25-35)
  • Féidearthachtaí chun sraith iarbheo mar seo a chóiriú go speisialta do TG4 in ionad ar leith nó a shnoigh isteach le féile atá ar bun cheana féin.
  • Cur chuige agus ton comhaimseartha nuálach ag teastáil chomh maith leis an nGaeilge a bheith lárnach sa chóiriú atá molta.
  • Ábhar breise digiteach riachtanach.
  • Moltar tallann nua láithreachais agus ceoil a bheith chun tosaigh.

 

 


7. CEILIÚRADH CEOIL TÍRE 2023
An chéad am craolta: Lá i rith na seachtaine.
Formáid: Clár aonair 90’
Lucht Féachana: Náisiúnta
Buiséad don léiriú: uasmhéid €120,000 (Deiseanna comhpháirtithe anseo)

Tá TG4 ag lorg léirithe spéise ó fhoirne léirithe/stiúrthóirí a bhfuil suim acu tabhairt faoi léiriú beo ag Ceiliúradh Ceoil Tíre. Tá muid sásta dul i bpáirt le heagrais eile chun go mbeidh stádas agus cáil ar na gradaim. Ceiliúradh ar cheol tíre na hÉireann a bheidh san ócáid mhór seo.

Ba chóir na nithe seo a leanas a bheith san áireamh san iarratas:

  • Cur síos gearr ar phlean léiriúcháin chun gnéithe úrnua a chur i bhfeidhm ar an gceiliúradh seo, gnéithe a bheidh sa bhreis ar an méid atá i gceist agus a bheidh tarraingteach do lucht féachana in Éirinn agus ar fud na domhain.
  • Liosta den phearsanra léirithe atá ar fáil.
  • Moltaí maidir le láithreoir, tallann ceoil agus tallann eile ar scáileán.
  • Taifead il-cheamara atá i gceist ar chlár beo-chraolta idir 90’ agus 100’ ar fhad.
  • Ábhar breise ar-líne craolta beo / iarbheo roimh an gcraoladh líneach, lena linn agus ina dhiaidh.
  • Is i gcomhar le TG4 a roghnófar láthair an cheiliúrtha ach beidh fáilte roimh moltaí.
  • Beidh béim ar bhealaí le lucht féachana leathan, lasmuigh de lucht dílis an cheoil tíre a mhealladh.
  • Beidh príomhfhoireann léirithe san iarratas.

 

 


8. FORMÁIDÍ GINEARÁLTA
An chéad am craolta: Lá i rith na seachtaine
Formáid: Sraith 12 x 25’
Lucht Féachana: Croílucht Féachana agus Lucht Féachana Náisiúnta
Buiséad don léiriú: €55,000 go €65,000 – in aghaidh na huaire

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar shraitheanna nua a bhfuil formáid láidir ag baint leo. Formáidí don chroílucht féachana naisiúnta agus d’aon aoisghrúpa.

Cuirfear fáilte ar leith roimh iarratais sna réimsí seo:

  • Cúrsaí grá
  • Taisteal
  • Cócaireacht
  • Tithíocht / DIY
  • Faisean
  • Garraíodóireacht
  • Ceol/Siamsaíocht
  • Greann
  • Sláinte
  • Aon réimse eile

Tá TG4 sásta roinnt maoiniú forbartha a chur ar fáil d’iarratais i gcásanna áirithe. Inis dúinn san iarratas cén cineál forbartha a chabhróidh libh bhur gcoincheap a thabhairt céim chun cinn.

Is gá dréacht den ord reatha a bheith mar chuid den iarratas chun an fhormáid a mhíniú/a léiriú.

Cuirfear fáilte faoi leith roimh iarratais ina mbeidh láithreoirí agus daoine cumasacha nua, go háirithe má tá scil nó saineolas acu sa réimse ar a bhfuil an tsraith dírithe.

Cabhraíonn sé i gcónaí blaisín den láithreoir a fheiceáil mar chuid den iarratas.

Tá na heagarthóirí ar fáil chun aon smaointe a phlé sula ndéantar iarratas agus mholfadh muid daoibh go deimhin an deis sin a thapú.
 

 


9. ÁBHÁR DO DHAOINE FAOI 35 BLIANA (risqué/dána)
An chéad am craolta: Lá i rith na seachtaine @ 22.30
Formáid: Sraith 25’ nó 50’
Líon cláracha sa tsraith: 12 x 25’ nó 8 x 50
Lucht Féachana: Croílucht féachana agus Lucht féachana Náisiúnta
Buiséad don léiriú: €55,000 go €65,000 ar uair an chloig

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar shraitheanna nua don lucht féachana naisiúnta san aoisghrúpa 16-35. Sraith cláracha 25’ nó 50’ ar fhad a bheidh le craoladh i lár na seachtaine agus a tharraingeoidh lucht spéise ar sheinnteoir TG4 chomh maith.

Tá muid ag iarraidh ábhar spraíúil, fuinniúil agus craiceáilte.

De bharr gur aoisghrúpa fíor-pholaitiúil é seo beidh fáilte freisin roimh shraitheanna cúrsaí reatha nó faisnéise ach an ton a bheith oiriúnach don aoisghrúpa sin agus ábhar comhaimseartha a bheith i gceist.

Bígí dána…ní bheidh sibh óg ach aon uair amháin. ábhar a thaitneoidh le gnáthlucht féachana TG4 atá i gceist anseo.

Céard atá á lorg ag lucht Gen Z agus ag na Mílaoisigh? Tá muid ag lorg scéalta nua, daoine nua agus tuairimí nach bhfuil cloiste cheana againn.

Cuirfear fáilte faoi leith roimh iarratais ina bhfuil láithreoirí agus daoine cumasacha nua, guthanna nua do TG4. Tá deiseanna forbartha ar fáil.
 

 

Ní mór na hiarratais a chur isteach go leictreonach. Mura bhfuil an comhlacht cláraithe, caithfear clárú ar dtús ar an suíomh eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie , agus an t-iarratas a uaslódáil roimh an sprioc-am tríd an rogha, ‘Babhta Coimisiúnaithe 2023’, ón roghchlár anuas. Gheobhaidh tú admháil leictreonach go huathoibríoch. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an sprioc-ama agus is faoi na comhlachtaí iad féin atá sé a chinntiú go bhfuil na hiarratais faighte againn.

Má tá aon cheisteanna agat maidir le haon chuid den bhabhta seo, cuir r-phost chuig Máire Uí Choisdealbha maire.ui.choisdealbha@dev.tg4.ie

Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.
Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle praghais, ná le hiarratas ar bith.
Beidh aon chonradh ag brath ar Theastas Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear in iúl d’iarrthóirí gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar eolas íogair (más ann dó) agus an chúis gur eolas íogair é a chur in iúl. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 eolas a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur eolas íogair é agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4 aige.
Ní ann d’aon chineál ceangail – conartha nó aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag TG4 nó forghníofa thar a cheann.