Coimisiúnú
Gearrscannán Cúla 4 don EBU
Sprioc-am d’iarratais: 2pm 20/03/2023
Tá TG4 / Cúla4 ag lorg tograí spéisiúla le haghaidh scannán drámaíochta bunaidh gearr do leanaí do Shraith Scannán Drámaíochta Leanaí EBU (Aontas Craolacháin na hEorpa) don bhliain 2023. Is babhtáil scannán drámaíochta é seo a roinneann scannáin ardchaighdeáin bhunaidh do lucht féachana atá idir 6-9 mbliana d’aois leis na baill chraolacháin. Is é “Muintearas” téama na sraithe scannán i mbliana agus beidh na scannáin ar fad ag díriú ar an téama sin. Bíonn an domhan dúshlánach scaití agus leis an téama sin tugtar deis plé a dhéanamh ar an ngá atá ann muinín a bheith agat sa phobal agus i muintearas agus caidreamh a bhunú leis na daoine sin a bhreathnaítear orthu b’fhéidir mar dhaoine atá difriúil. Leis an téama seo tugtar deis scéalta a chruthú bunaithe ar uileghabhálacht, féiniúlacht, cairdeas, díláithriú, pobal, ciníochas, inscne, comhshaolachas don aoisghrúpa 6-9 mbliana d’aois.
Sna scéalta léirítear na príomhcharachtair ó chúlraí sóisialta éagsúla agus laistigh de na scéalta sin tá ról gníomhach ag na príomhcharachtair óga seo ina saol féin agus i saol daoine eile. Insítear gach scéal go físiúil le mothúcháin láidre agus comhrá fíorbheag ionas go mbeadh sé éasca é a aistriú go teangacha eile.
Téama: Muintearas
Fad an Scannáin: 15 nóiméad
Aoisghrúpa an lucht féachana: 6-9 mbliana d’aois (feiliúnach do gach Lucht Féachana)
Stíl: insint fhísiúil chineamatach atá á lorg le comhrá fíorbheag (comhrá fíorbheag ionas go mbeadh sé éasca é a aistriú go teangacha eile.)
Cliar: aisteoirí óga a bhfuil páirt rí-lárnach acu sa scéal. Ba chóir do phríomhcharachtar an scannáin a bheith 9 mbliana d’aois agus is féidir leis an gcliar thacaíochta a bheith aoiseanna eile.
Seánra: Is féidir na scéalta a insint i ngach cineál seánra amhail coiméide, fantaisíocht, ficsean eolaíochta, uafás, mistéir. Is féidir leis an domhan, a bhfuil cónaí ar na príomhcharachtair ann, a bheith nádúraíoch, éigiallta, coiméideach, draíochtach, todhchaíoch – is fút féin atá sé, cuir ionadh orainn!
Buiséad: €50,000
Sprioc d’Iarratais: 31/03/2023
Sprioc Léiriúcháin: cuirfear an scannán críochnaithe ar fáil d’Aontas Craolacháin na hEorpa faoi Dheireadh Fómhair na bliana 2023.
Déanfaidh Cúla4/TG4 scannán amháin mar chuid den scéim agus beidh an scannán réitithe do cheannach amach iomlán cearta domhanda.
Tá a Léiritheoir Feidhmiúcháin féin ag Aontas Craolacháin na hEorpa a oibríonn in éineacht leis na scríbhneoirí agus Feidhmeannaigh Cainéal i ngach réimse. Beidh Léiritheoir Feidhmiúcháin ag TG4/Cúla 4 freisin. Cuirfear fáilte roimh iarratais i bhfoirm cóiriú gearr. Ní gá dul thar 4 leathanach agus ní theastaíonn script uainn go fóill mura bhfuil ceann ar fáil.
Ní mór na hiarratais a chur isteach go leictreonach. Mura bhfuil an comhlacht cláraithe, caithfear clárú ar dtús ar an suíomh ríomh-Choimisiúin https://ecomm.tg4.ie , agus an t-iarratas a uaslódáil roimh an sprioc-am tríd an rogha, ‘Babhta EBU ’23’ , ón roghchlár anuas. Gheobhaidh tú admháil leictreonach go huathoibríoch. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an sprioc-ama agus is iad na comhlachtaí féin a chaithfidh a chinntiú go bhfuil na hiarratais faighte againn.
Má tá aon cheist agat maidir le haon chuid den bhabhta seo, seol ríomhphost chuig Máire Uí Choisdealbha ag maire.ui.choisdealbha@dev.tg4.ie.
Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.
Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle praghas, ná le haon iarratas.
Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear in iúl d’iarrthóirí gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a thabhairt ar eolas íogair (más ann dó) agus an chúis gur eolas íogair é a chur in iúl. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 eolas a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur eolas íogair é agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4 aige.
Ní ann d’aon chineál ceangail – conradh ná aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníomhaithe ag nó thar ceann TG4.