Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Traenáil & Forbairt

Dianchúrsa i Léiriúchán Teilifíse

Cúrsa 14 Seachtaine

 

Is í aidhm an chúrsa seo bunscileanna léiriúchán teilifíse a thabhairt do dhaoine le Gaeilge líofa a bhfuil fonn orthu obair sa ghnó.

Is iad Acadamh an Atlantaigh i gcomhar le Gréasán na Meán agus Fís Éireann a bheidh ag reáchtáil an chúrsa.

Cuirfear oiliúint ar fáil i réimsí bunscileanna ceamara, fuaime agus soilsithe, mar aon le réimsí cruthaitheacha den ghnó.

Anuas ar sin, beidh deiseanna ag na rannpháirtithe casadh le léiritheoirí agus stiúrthóirí atá ag obair i ngnó na teilifíse.

Tosóidh an cúrsa ar an 21ú Márta agus is ar an Spidéal a reáchtálfar an cúrsa.

Íocfar liúntas leo siúd atá ag freastal ar an chúrsa.
 

Is féidir iarratas a dhéanamh ach scríobh chuig: dlt@atlanticacademy.ie, roimh an Aoine 25 Feabhra