Eipidéim
More on TG4
Marú Inár Measc

NUA - Ag tosú Dé Céadaoin 18/05 @ 21:45
Sraith coirscéalta fírinneacha a thugann léargas ar an tionchar a bhíonn ag coireanna marfacha ar an tsochaí, ar an bpobal áitiúil agus ar mhuintir an té a maraíodh. Tugtar léargas i ngach clár faoin gcaoi a leanann na teaghlaigh agus na pobail ar aghaidh lena saol agus na hiarrachtaí a dhéanann siad na cásanna a choinneáil i mbéal an phobail.
A four-part true crime docuseries which shines a light on the effect that fatal crimes have on society, local communities and on the victim’s families as they are left without answers. Each documentary shows how the bereaved families and the communities continue on with their lives and fight for justice to keep the cases alive and in the public eye.
Fargo

Sraith 3 - Ag tosú Dé Máirt 10/05 @ 21:30
Díríonn an tríú mír de Fargo, atá bunaithe sa mbliain 2010, ar “Emmit” agus a dheartháir atá níos óige ná é “Ray”. Cé nach mbíonn ann ar dtús ach gadaíocht fánach, éiríonn an choimhlint atá eatarthu teasaí agus ní fada go mbíonn drongadóirí agus dúnmharú tarraingthe isteach sa scéal.
Set in 2010, the third instalment of Fargo centres on “Emmit” and his slightly younger brother “Ray”. Their sibling rivalry follows a twisted path that begins with petty theft but soon leads to crime, mobsters and murder.
An Cailín Ciúin

Scannán Cine4 - Sna Pictiúrlanna ón 12/05
Insíonn An Cailín Ciúin scéal Cháit, cailín naoi mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe, mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh. Bunaithe ar an ghearrscéal ardmholta Foster le Claire Keegan, is dráma casta, cigilteach é faoi theacht in aois a dhéanann iniúchadh ar cheisteanna teaghlaigh, neamairt agus cumha trí shúile a phríomhcharachtair óig.
An Cailín Ciúin tells the story of Cáit, – a nine year-old girl from an overcrowded, dysfunctional family who is sent away to live with foster parents for the summer. Based on Foster by Claire Keegan, this is a complex and delicate coming-of-age drama that explores questions of family, neglect and loss through the eyes of its young protagonist.
Noel Hill - Aisling Ghéar

Dé Domhnaigh 08/05 @ 21:30
Clár ina dtabharfar léargas ar shaol agus ar cheol dhuine de na ceoltóirí traidisiúnta is aitheanta in Éirinn, Noel Hill – agus é ag teacht chuige féin ó ionsaí foréigneach a d’fhág d’uireasa a chuid ceoil é ar feadh tréimhse.
A searing portrait of one of Ireland’s most renowned traditional musicians – concertina player Noel Hill, as he recovers from a serious assault which left him a battered shadow of his former self.
Comhrá

Déardaoin @ 19:30
Sraith aíonna ó fud fad na tíre ag caint le Máirtín Tom Sheáinín agus iad ag insint a cuid scéalta beatha dó. Ina measc an mhí seo beidh Bob Collins, Máirín Uí Chomáin, Joe Tiernan agus Séamus Mac Cuinneagáin.
Máirtín Tom Sheáinín chats one-to-one with various guests as they share their life stories with him. Amongst those to feature this month will be Bob Collins, Máirín Uí Chomáin, Joe Tiernan and Séamus Mac Cuinneagáin.
GAA Beo

Craobhacha Iomána & Peile Faoi 20 agus na Mionúr
Craoladh beo ar Craobh Peile EirGrid F20, Craobh Iomána F20 oneills.com agus Craobh na Mionúr Electric Ireland ar TG4 agus ar cainéal YouTube Spórt TG4.
Live coverage of the EirGrid U20 Football Championship, the oneills.com U20 Hurling Championship and the Electric Ireland Minor Championships on TG4 and the Spórt TG4 YouTube channel.
Babel

Scannán na Míosa: Dé Luain 16/05 @ 21:30
(2006, Drámaíocht) Is iad Brad Pitt, Cate Blanchett and Gael García Bernal na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Alejandro G. Iñárritu. Tarlaíonn tragóid do lánúin phósta fad agus atá siad iad ar saoire i ngaineamhlach Mharacó, tragóid a tharraingíonn scéal ina mbíonn ceithre theaghlach fite fuaite.
(2006, Drama) Starring Brad Pitt, Cate Blanchett and Gael García Bernal. Directed by Alejandro G. Iñárritu. Tragedy strikes a married couple on vacation in the Moroccan desert, touching off an interlocking story involving four different families.
Nuair a Bheidh Mé Mór

Gach Déardaoin @ 15:40 ar Cúla4
Leanann an tsraith seo daoine óga agus iad ag smaoineamh ar an bpost ar mhaith leo a bheith acu nuair a bheidh siad mór. Tugann Sióg na bPost cuairt ar dhaoine óga agus tugann deis dóibh taithí a fháil ar phoist éagsúla. Cloisfear scéalta ó shaineolaithe atá ag obair sna hearnálacha sin agus tabharfar blaiseadh den chineál oibre a dhéanann siad ó lá go lá don duine óg
This series follows young people as they dream about the job they would like when they get older. The Job Fairy comes to visit these young people, giving them the chance to experience their ideal job. Experts reveal the secrets of the trade, giving us a taste of what a day in the life of said job would be like.
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv