{"id":20361,"date":"2016-06-16T16:06:38","date_gmt":"2016-06-16T15:06:38","guid":{"rendered":"https:\/\/dev.tg4.ie\/?page_id=20361"},"modified":"2020-01-27T14:52:02","modified_gmt":"2020-01-27T14:52:02","slug":"15-06-16","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/","title":{"rendered":"15.06.16"},"content":{"rendered":"<h2>FleadhTV ar ais ar\u00eds in 2016 &amp;\u00a0go leo ruda\u00ed nua mar chuid de&#8230;<\/h2>\n<p>T\u00e1 s\u00e9 f\u00f3gartha ag FleadhTV, buaiteoir \u2018An \u00d3c\u00e1id Bheo Is Fearr\u2019 ag Gradaim Teilif\u00edse IFTA 2015, go mbeidh s\u00e9 ar ais ar TG4 an samhradh seo. Craolfar FleadhTV beo \u00f3 8.30pm go 11.30pm ar feadh ceithre o\u00edche \u00f3n D\u00e9ardaoin an 18\u00fa go dt\u00ed an Domhnach an 21\u00fa L\u00fanasa 2016 ar TG4 chomh maith le bheith beo ar <a href=\"https:\/\/dev.tg4.ie\">tg4.tv<\/a> agus ar fleadhcheoil.ie.<\/p>\n<p>In Inis a re\u00e1cht\u00e1lfar Fleadh Cheoil na h\u00c9ireann i mbliana agus an\u00a0chuma ar an sc\u00e9al gurb \u00ed an ceann is fearr f\u00f3s a bheidh ann. Beidh beirt l\u00e1ithreoir\u00ed\u00a0nua i dteannta Lynette Fay agus Cathy Jordan i mbliana, sin iad Mair\u00e9ad N\u00ed Chuaig\u00a0as TG4 agus laoch an cheoil as Contae an Chl\u00e1ir, T\u00f3la Custy.<\/p>\n<p>Gn\u00e9 nua i sraith 2016 n\u00e1 cri\u00fa ceamara soghluaiste a thabharfaidh cuairt ar bhailte\u00a0\u00e9ags\u00fala i gCo. an Chl\u00e1ir gach o\u00edche &#8211; Daonbhaile Bhun Raite, An Tulach, Inis<br \/>\nD\u00edom\u00e1in agus Sr\u00e1id na Cathrach. In \u00f3st\u00e1n Temple Gate in Inis a bheidh\u00a0pr\u00edomhl\u00e1thair na F\u00e9ile FleadhTV lonnaithe, \u00e1it a mbeidh lucht f\u00e9achana beo 1,500\u00a0duine in ann sult a bhaint as an se\u00f3 beo os a gcomhair amach.<\/p>\n<p>In 2015, bhreathnaigh 1.1 milli\u00fan duine ar FleadhTV thar na ceithre o\u00edche a craoladh\u00a0\u00e9 \u00f3 l\u00e1thair na bliana seo caite, Sligeach. T\u00e1 an-t\u00f3ir ar an gceol traidisi\u00fanta ar theilif\u00eds\u00a0na h\u00c9ireann agus t\u00e1 TG4 ina gceannr\u00f3daithe maidir leis.<\/p>\n<p>Beidh Lynette agus Cathy ar ais ar\u00eds i mbliana agus beidh beirt l\u00e1ithreoir\u00ed nua ina\u00a0dteannta. T\u00e1 seanaithne ag lucht f\u00e9achana TG4 ar Mhair\u00e9ad N\u00ed Chuaig. D\u00fairt<br \/>\nMair\u00e9ad inniu, &#8220;T\u00e1im ag freastal ar Fleadh Cheoil na h\u00c9ireann \u00f3 bh\u00ed m\u00e9 i mo ghas\u00far.\u00a0Is ceili\u00faradh \u00e1lainn \u00ed ar \u00e1r dtraisi\u00fain chult\u00fair at\u00e1 saibhir agus beoga. T\u00e1 m\u00e9 ag s\u00fail go\u00a0m\u00f3r le hInis, Hup!\u201d T\u00e1 \u00e1thas an domhain orm a bheith ar dhuine de bhaill foirne\u00a0FleadhTV 2016, agus sinn ag ceili\u00faradh an Chom\u00f3rtha C\u00e9ad Bliain agus Fiche Bliain\u00a0ar an bhF\u00f3d ag TG4.<\/p>\n<p>In \u00e9ineacht le Mair\u00e9ad beidh an ceolt\u00f3ir \u00e1iti\u00fail as Contae an Chl\u00e1ir, T\u00f3la Custy. Agus\u00a0\u00e9 ag dul isteach ar fhoireann FleadhTV, d\u00fairt T\u00f3la, \u201cD\u00e9anfaidh m\u00e9 iarracht an m\u00e9id a\u00a0fheicim ag tarl\u00fa i gContae an Chl\u00e1ir an t-am ar fad a chur in i\u00fal ar bhealach n\u00e1d\u00fartha\u00a0do lucht f\u00e9achana domhanda ar FleadhTV. T\u00e1im ar b\u00eds lena thaispe\u00e1int duit c\u00e9n f\u00e1th\u00a0gur \u00e1it iontach ar fad \u00e9 seo le bheith i do ch\u00f3na\u00ed ann, \u00f3 thaobh c\u00farsa\u00ed s\u00f3isialta agus\u00a0c\u00farsa\u00ed ceoil. T\u00e1im ag iarraidh a thaispe\u00e1int gur \u00e1it \u00e1lainn, norm\u00e1lta agus sp\u00e9isi\u00fail \u00ed\u00a0an \u00e1it seo.\u201d<\/p>\n<p>D\u00fairt Eagarth\u00f3ir Coimisi\u00fanaithe TG4, Proinsias N\u00ed Ghr\u00e1inne \u201cIs cuid l\u00e1rnach de\u00a0chl\u00e1rsceideal an tSamhraidh ar TG4 \u00e9 FleadhTV. T\u00e1 r\u00edm\u00e9ad orainn go bhfuil sn\u00e1th\u00a0t\u00e1bhachtach breise \u00e1 fh\u00ed isteach sa gcl\u00fadach sin i mbliana againn agus muid ag\u00a0taifeadadh ar fud An Chl\u00e1ir ar cheol agus ar cheolt\u00f3ir\u00ed ar fh\u00f3d a nd\u00fachais f\u00e9in, l\u00e9iri\u00fa\u00a0lonrach ar shaibhreas an cheoil agus ar fhuinneamh an traidisi\u00fain ann.<\/p>\n<p>D\u00fairt M\u00edche\u00e1l \u00d3 Riabhaigh, Cathaoirleach choiste feidhmi\u00fach\u00e1in na Fleadh, \u201cT\u00e1\u00a0FleadhTV ar cheann de na forbairt\u00ed is fearr agus is nu\u00e1la\u00ed a rinneadh ar Fleadh<br \/>\nCheoil na h\u00c9ireann le blianta beaga anuas. T\u00e1 r\u00edm\u00e9ad orainn go mbeidh ceol,\u00a0amhr\u00e1in, damhsa agus sc\u00e9alta den scoth \u00e1 gcraoladh againn beo ar an teilif\u00eds, n\u00ed<br \/>\nhamh\u00e1in do lucht f\u00e9achana na t\u00edre seo, ach sruthaithe chuig \u00e1r lucht lean\u00fana ar fud\u00a0an domhain, lucht at\u00e1 ag \u00e9ir\u00ed n\u00edos m\u00f3 an t-am ar fad.<\/p>\n<p>&#8220;Forbra\u00edodh an coincheap An Cl\u00e1r a Roinnt lena chinnti\u00fa go dtabharfa\u00ed l\u00e9iri\u00fa ar\u00a0\u00e1illeacht n\u00e1d\u00fartha agus chult\u00fair an chontae go l\u00e9ir le linn seachtain na Fleadh. T\u00e1<br \/>\ns\u00fail againn go mbainfidh lucht f\u00e9achana FleadhTV, at\u00e1 comhdh\u00e9anta de bhreis is\u00a0milli\u00fan duine, sult agus taitneamh as pl\u00far Inse agus an chuid eile den Chl\u00e1r le linn\u00a0Fleadh Cheoil na h\u00c9ireann Inis 2016\u201d.<\/p>\n<p>Re\u00e1cht\u00e1lfar Fleadh Cheoil Inis 2016 i gcomhar le hAerfort na Sionainne agus beidh\u00a0s\u00ed ar si\u00fal \u00f3n 14\u00fa go dt\u00ed an 22\u00fa L\u00fanasa 2016.<\/p>\n<h3>N\u00d3TA\u00cd D&#8217;EAGARTH\u00d3IR\u00cd:<\/h3>\n<p>T\u00e1 Mair\u00e9ad N\u00ed Chuaig ar dhuine d&#8217;fhoireann \u201cAn Aimsir L\u00e1ithreach\u201d ar TG4, \u00e1it a\u00a0mb\u00edonn s\u00ed ag obair in \u00e9ineacht le foireann chruthaitheach agus chumasach. T\u00e1 taith\u00ed\u00a0iontach mar l\u00e1ithreoir teilif\u00edse aici agus \u00ed ag obair sna me\u00e1in chumars\u00e1ide le roinnt\u00a0blianta. Bean mh\u00f3r eachtra\u00edochta \u00ed Mair\u00e9ad a bhfuil an domhan si\u00falta aici in\u00a0\u00e9ineacht lena cara, Gavin, chun Wwoof\u00e1il, sraith taistil a ainmn\u00edodh le haghaidh\u00a0gradam IFTA, a thaifeadadh do TG4. T\u00e1 s\u00ed d\u00edreach th\u00e9is filleadh \u00f3n Astr\u00e1il.<\/p>\n<p>Is as Tamhnach i gContae an Chl\u00e1ir do T\u00f3la Custy agus n\u00edor ch\u00f3na\u00ed s\u00e9 riamh in aon\u00a0\u00e1it eile, c\u00e9 go bhfuil an domhan si\u00falta aige f\u00e9in n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 uair amh\u00e1in. Ba<br \/>\nmh\u00fainteoir sa bhunscoil \u00e1iti\u00fail a bh\u00ed ina athair, Frank, agus spreag s\u00e9 go leor daoine\u00a0tabhairt faoin gceol traidisi\u00fanta freisin. Ina measc si\u00fad t\u00e1 na ceolt\u00f3ir\u00ed James<br \/>\nCullinane, Siobhan Peoples, Sharon Shannon, agus T\u00f3la \u00e9 f\u00e9in. T\u00e1 T\u00f3la ag freastal\u00a0ar an bhFleadh, ina mb\u00edonn an oiread sin daoine a chasann ceol gach uile l\u00e1 d\u00e1 saol,\u00a0\u00f3 bh\u00ed s\u00e9 ina leanbh.<\/p>\n<p>&#8220;Setting Free\u201d leis an seinnteoir bas\u00faca\u00ed Cyril O&#8217;Donoghue, an ch\u00e9ad albam a\u00a0thaifead T\u00f3la, sa bhliain 1993. Ansin chuaigh s\u00e9 i bp\u00e1irt le Muintir Moynihan as<br \/>\nContae Chorca\u00ed, chomh maith leis an seinnteoir bas\u00faca\u00ed Pat Marsh, chun an gr\u00fapa\u00a0\u201cCalico\u201d a chruth\u00fa. D&#8217;eisigh siad dh\u00e1 albam, a raibh an-t\u00f3ir orthu, i 1997 agus i 1999.\u00a0Ansin thaifead s\u00e9 albam beo le \u201cThe Bowhouse Quintet\u201d (gr\u00fapa\u00a0clasaiceach\/traidisi\u00fanta) i 1998. Th\u00e1inig comhph\u00e1irt\u00edocht cheoil le seinnteoir an\u00a0chaird\u00edn pian\u00f3 Mirella Murray go luath ina dhiaidh sin agus taifeadadh an t-albam\u00a0\u201cThree Sunsets\u201d in 2001. Bh\u00ed T\u00f3la p\u00e1irteach i roinnt tionscadal ceoil le seinnteoir an<br \/>\nchaird\u00edn pian\u00f3 Alan Kelly agus a dhearth\u00e1ir John ina dhiaidh sin. Chas s\u00e9 ar go leor\u00a0albam agus in go leor ceolchoirmeacha ina dhiaidh sin.<\/p>\n<p>Rinne s\u00e9 obair agus chuaigh ar camchuairt leis an ngr\u00fapa \u201cGuidewires\u201d le d\u00e9ana\u00ed, ag\u00a0t\u00f3g\u00e1il a thionchair cheoil chomh fada leis an nGr\u00e9ig, an Macad\u00f3in agus an mBulg\u00e1ir.\u00a0An bhliain seo caite sheinn s\u00e9 leis an gceolt\u00f3ir corraitheach Laoise Kelly. An mh\u00ed seo\u00a0eis\u00edodh \u201cTradivarious\u201d, i gcomhar leis na fidl\u00e9ir\u00ed eile Dezi Donnelly agus Cathal\u00a0Hayden agus leis na s\u00e1rcheolt\u00f3ir\u00ed Ed Boyd agus John Joe Kelly. Le linn a ghairme,\u00a0chas s\u00e9 ar st\u00e1itse le Heidi Talbot, Donogh Hennessy, Grada, Arty Mcglynn agus Eddi\u00a0Reader. Bh\u00ed deis aige in 2010 comhoibri\u00fa le seinnteoir an Kora, Solo Cissokho agus\u00a0leis an ngiot\u00e1ra\u00ed, Gerry O\u2019Beirne, a raibh ceolchoirm sa Cheol\u00e1ras N\u00e1isi\u00fanta mar\u00a0bhuaicphointe ar an obair. D&#8217;oibrigh T\u00f3la ina mh\u00fainteoir bunscoile \u00f3 am go ham agus\u00a0is bre\u00e1 leis pr\u00f3iseas an cheoil a roinnt agus a fhorbairt le leana\u00ed agus le daoine f\u00e1sta.\u00a0Is m\u00fainteoir \u00e9 ar an gc\u00farsa Ceol Traidisi\u00fanta in Acadamh Domhanda Ceoil agus\u00a0Damhsa na h\u00c9ireann in Ollscoil Luimnigh.<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>FleadhTV ar ais ar\u00eds in 2016 &amp;\u00a0go leo ruda\u00ed nua mar chuid de&#8230; T\u00e1 s\u00e9 f\u00f3gartha ag FleadhTV, buaiteoir \u2018An \u00d3c\u00e1id Bheo Is Fearr\u2019 ag Gradaim Teilif\u00edse IFTA 2015, go mbeidh s\u00e9 ar ais ar TG4 an samhradh seo. Craolfar FleadhTV beo \u00f3 8.30pm go 11.30pm ar feadh ceithre o\u00edche \u00f3n D\u00e9ardaoin an 18\u00fa go [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":4,"featured_media":20435,"parent":6580,"menu_order":21,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"page-templates\/template-pr.php","meta":{"_acf_changed":false,"footnotes":""},"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v22.6 - https:\/\/yoast.com\/wordpress\/plugins\/seo\/ -->\n<title>15.06.16 - TG4<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"en_US\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"15.06.16 - TG4\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"FleadhTV ar ais ar\u00eds in 2016 &amp;\u00a0go leo ruda\u00ed nua mar chuid de&#8230; T\u00e1 s\u00e9 f\u00f3gartha ag FleadhTV, buaiteoir \u2018An \u00d3c\u00e1id Bheo Is Fearr\u2019 ag Gradaim Teilif\u00edse IFTA 2015, go mbeidh s\u00e9 ar ais ar TG4 an samhradh seo. Craolfar FleadhTV beo \u00f3 8.30pm go 11.30pm ar feadh ceithre o\u00edche \u00f3n D\u00e9ardaoin an 18\u00fa go [&hellip;]\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"TG4\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/TG4TV\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2020-01-27T14:52:02+00:00\" \/>\n<meta property=\"og:image\" content=\"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/tg4-redesign-2015\/wp-content\/uploads\/2016\/06\/Fleadh-2016.jpg\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:width\" content=\"1920\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:height\" content=\"1080\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:type\" content=\"image\/jpeg\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@TG4TV\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"6 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\/\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/\",\"url\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/\",\"name\":\"15.06.16 - TG4\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/#website\"},\"primaryImageOfPage\":{\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/#primaryimage\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/tg4-redesign-2015\/wp-content\/uploads\/2016\/06\/Fleadh-2016.jpg\",\"datePublished\":\"2016-06-16T15:06:38+00:00\",\"dateModified\":\"2020-01-27T14:52:02+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/\"]}]},{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga\",\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/#primaryimage\",\"url\":\"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/tg4-redesign-2015\/wp-content\/uploads\/2016\/06\/Fleadh-2016.jpg\",\"contentUrl\":\"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/tg4-redesign-2015\/wp-content\/uploads\/2016\/06\/Fleadh-2016.jpg\",\"width\":1920,\"height\":1080,\"caption\":\"Fleadh TV 2016\"},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Home\",\"item\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"Eolas\",\"item\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":3,\"name\":\"Preas\",\"item\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":4,\"name\":\"Nuacht R\u00e1itis\",\"item\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":5,\"name\":\"2016\",\"item\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":6,\"name\":\"15.06.16\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/#website\",\"url\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/\",\"name\":\"TG4\",\"description\":\"S\u00fail Eile\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":\"required name=search_term_string\"}],\"inLanguage\":\"ga\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"15.06.16 - TG4","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"og_locale":"en_US","og_type":"article","og_title":"15.06.16 - TG4","og_description":"FleadhTV ar ais ar\u00eds in 2016 &amp;\u00a0go leo ruda\u00ed nua mar chuid de&#8230; T\u00e1 s\u00e9 f\u00f3gartha ag FleadhTV, buaiteoir \u2018An \u00d3c\u00e1id Bheo Is Fearr\u2019 ag Gradaim Teilif\u00edse IFTA 2015, go mbeidh s\u00e9 ar ais ar TG4 an samhradh seo. Craolfar FleadhTV beo \u00f3 8.30pm go 11.30pm ar feadh ceithre o\u00edche \u00f3n D\u00e9ardaoin an 18\u00fa go [&hellip;]","og_url":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/","og_site_name":"TG4","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/TG4TV","article_modified_time":"2020-01-27T14:52:02+00:00","og_image":[{"width":1920,"height":1080,"url":"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/tg4-redesign-2015\/wp-content\/uploads\/2016\/06\/Fleadh-2016.jpg","type":"image\/jpeg"}],"twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@TG4TV","twitter_misc":{"Est. reading time":"6 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/","url":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/","name":"15.06.16 - TG4","isPartOf":{"@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/#website"},"primaryImageOfPage":{"@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/#primaryimage"},"image":{"@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/tg4-redesign-2015\/wp-content\/uploads\/2016\/06\/Fleadh-2016.jpg","datePublished":"2016-06-16T15:06:38+00:00","dateModified":"2020-01-27T14:52:02+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/"]}]},{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga","@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/#primaryimage","url":"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/tg4-redesign-2015\/wp-content\/uploads\/2016\/06\/Fleadh-2016.jpg","contentUrl":"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/tg4-redesign-2015\/wp-content\/uploads\/2016\/06\/Fleadh-2016.jpg","width":1920,"height":1080,"caption":"Fleadh TV 2016"},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/15-06-16\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Home","item":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"Eolas","item":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/"},{"@type":"ListItem","position":3,"name":"Preas","item":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/"},{"@type":"ListItem","position":4,"name":"Nuacht R\u00e1itis","item":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/"},{"@type":"ListItem","position":5,"name":"2016","item":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2016-2\/"},{"@type":"ListItem","position":6,"name":"15.06.16"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/#website","url":"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/","name":"TG4","description":"S\u00fail Eile","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/?s={search_term_string}"},"query-input":"required name=search_term_string"}],"inLanguage":"ga"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/20361"}],"collection":[{"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/4"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=20361"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/20361\/revisions"}],"up":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/6580"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/20435"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=20361"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}