{"id":213816,"date":"2024-03-26T14:59:58","date_gmt":"2024-03-26T14:59:58","guid":{"rendered":"https:\/\/dev.tg4.ie\/?page_id=213816"},"modified":"2024-03-26T14:59:58","modified_gmt":"2024-03-26T14:59:58","slug":"an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/","title":{"rendered":"An on\u00f3ir is airde i gCeol Traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann le bronnadh ar an mboscad\u00f3ir as Luimneach, Derek Hickey"},"content":{"rendered":"<p><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" width=\"1920\" height=\"1080\" src=\"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/26130128\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1.jpg\" alt=\"\" class=\"aligncenter size-full wp-image-213790\" srcset=\"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/26130128\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1.jpg 1920w, https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/26130128\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1-250x141.jpg 250w, https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/26130128\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1-700x394.jpg 700w, https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/26130128\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1-252x141.jpg 252w, https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/26130128\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1-1536x864.jpg 1536w, https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/26130128\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1-120x68.jpg 120w\" sizes=\"(max-width: 1920px) 100vw, 1920px\" \/><br \/>\n<sup>Pic: Derek Hickey<\/sup><br \/>\n&nbsp;<br \/>\nF\u00f3gra\u00edodh buaiteoir\u00ed ar fheabhas na bliana seo le linn ceolchoirm speisialta am l\u00f3in i nD\u00e1mh Chruinne \u00c9ireann Ollscoil Luimnigh.<br \/>\n&nbsp;<br \/>\nT\u00e1 Gradam Ceoil TG4, at\u00e1 27 mbliana ar an bhf\u00f3d anois, f\u00f3s ag tabhairt aitheantais don scoth taibhi\u00fach\u00e1in agus don tionchar cult\u00fair i seacht gcatag\u00f3ir agus ag d\u00e9anamh ceili\u00faradh orthu.<br \/>\nIs am t\u00e1bhachtach \u00e9 f\u00f3gairt na ngradam bliant\u00fail i bhf\u00e9ilire an cheoil thraidisi\u00fanta, n\u00ed hamh\u00e1in chun aitheantas a thabhairt don mh\u00e9id at\u00e1 bainte amach ag an seachtar buaiteoir\u00ed ach chun ceili\u00faradh a dh\u00e9anamh ar na ceolt\u00f3ir\u00ed s\u00e1rmhaithe at\u00e1 againn sa t\u00edr seo.  Is l\u00e9iri\u00fa ar an mbeogacht, \u00e9ags\u00falacht agus obair mh\u00f3r den scoth at\u00e1 \u00e1 d\u00e9anamh iad na buaiteoir\u00ed chun a chinnti\u00fa go leantar d\u00e1r dtraidisi\u00fan a fhorbairt ar bhealach chomh heala\u00edonta agus an caighde\u00e1n is airde a thabhairt ar aghaidh go dt\u00ed an ch\u00e9ad ghl\u00fain eile.<br \/>\n&nbsp;<br \/>\n(T\u00e1 beathaisn\u00e9is\u00ed ioml\u00e1na th\u00edos)<\/p>\n<p>GRADAM CEOIL TG4 2024 &#8211; DEREK HICKEY<\/p>\n<p>AMHR\u00c1NA\u00cd TG4 2024 &#8211; EOGHAN \u00d3 CEANNABH\u00c1IN<\/p>\n<p>CEOLT\u00d3IR \u00d3G TG4 2024 &#8211; MACDARA \u00d3 FAOL\u00c1IN<\/p>\n<p>GRADAM SAOIL TG4 2024 &#8211; JEAN BUTLER<\/p>\n<p>CUMAD\u00d3IR TG4 2024 \u2013 RYAN MOLLOY<\/p>\n<p>GR\u00daPA CEOIL TG4 2024 \u2013 THE KANE SISTERS<\/p>\n<p>GRADAM COMAOINE TG4 2024 \u2013 CAIRDEAS NA bhFIDIL\u00c9IR\u00cd<br \/>\n&nbsp;<br \/>\nTugann Gradam Ceoil TG4, a buna\u00edodh in 1998, aitheantas n\u00ed hamh\u00e1in do cheird na mbuaiteoir\u00ed ach f\u00e9achtar freisin le borradh a chur faoi rath na mbuaiteoir\u00ed agus a gcuid ceoil, amhr\u00e1n agus damhsa a chur ar f\u00e1il do lucht sp\u00e9ise ar fud an domhain tr\u00ed chraolta\u00ed ar ard\u00e1in TG4.  Is pain\u00e9al neamhsple\u00e1ch a thugann faoin bpr\u00f3iseas roghn\u00fach\u00e1in do Ghradam Ceoil TG4. Is iar-bhuaiteoir\u00ed iad roinnt de bhaill an phain\u00e9il agus b\u00edonn siad go l\u00e9ir ag seinm n\u00f3 ag obair laistigh den traidisi\u00fan.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Is \u00e9ard a d\u00fairt Proinsias N\u00ed Ghr\u00e1inne, Eagarth\u00f3ir Coimisi\u00fanaithe TG4, \u201cT\u00e1 r\u00edm\u00e9ad ar TG4 go bhfuil an deis seo aige chun aitheantas a thabhairt do na daoine cumasacha seo laistigh d\u00e1r dtraidisi\u00fan.  Is comhartha bu\u00edochas \u00e9 an Gradam uainne do na hoirfidigh go l\u00e9ir seo a bh\u00edonn le feice\u00e1il in\u00e1r gcuid cl\u00e1racha ceoil thraidisi\u00fanta seachtain i ndiaidh seachtaine.  T\u00e1 r\u00edm\u00e9ad orainn go bhfuilimid \u00e1balta cuidi\u00fa leo a gceoil ceoil a chur ar f\u00e1il do lucht f\u00e9achana domhanda tr\u00ed chraoladh beo Ghradam Ceoil 2024 ar ard\u00e1in chraolach\u00e1in TG4.  D\u00e9anaimid comhghairdeas leis na faighteoir\u00ed uilig.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Beidh ceolchoirm Ghradam Ceoil TG4 na bliana seo ar si\u00fal i gCeol\u00e1ras na hOllscoile i Luimneach D\u00e9 Domhnaigh an 5 Bealtaine. Craoltar an Gradam Ceoil beo ar TG4 agus ar fud na cruinne ar Sheinnteoir TG4 agus beidh a\u00edonna speisialta \u00e9ags\u00fala ceoil agus bronnt\u00f3ir\u00ed na ngradam i dteannta na bhfaighteoir\u00ed d\u2019o\u00edche bhr\u00edomhar cheoil, spraoi agus shiamsa\u00edochta.<br \/>\nCraolfar an cheolchoirm cheili\u00fartha agus searmanas na ngradam beo ar TG4 agus ar TG4.ie \u00f3 Cheol\u00e1ras na hOllscoile i Luimneach ag 9:30pm ar an 5 Bealtaine.<br \/>\n&nbsp;<br \/>\nIs f\u00e9idir tic\u00e9id a fh\u00e1il ar <a href=\"https:\/\/uch-tickets.uch.ie\/ticketbooth\/shows\/1173653630\" rel=\"noopener\" target=\"_blank\">www.uch.ie<\/a><br \/>\n&nbsp;<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>BEATHAISN\u00c9IS\u00cd <\/strong><\/p>\n<p><strong>GRADAM CEOIL TG4 2024 \u2013 DEREK HICKEY<\/strong><br \/>\nIs \u00f3 \u00c1th Dara i gContae Luimnigh \u00e9 Derek Hickey. B\u00edodh an fhidil \u00e1 seinm ag a sheanaithreacha agus chuir s\u00e9 t\u00fas le gairm bheatha an cheoil agus gan \u00e9 ach deich mbliana d\u2019aois, nuair a d\u2019fh\u00e1g uncail leis a bhosca ceoil ina dhiaidh i dteach c\u00f3naithe an teaghlaigh. Lean Derek ar aghaidh agus bh\u00ed s\u00e9 ag seinm poirt damhsa laistigh de ch\u00fapla seachtain c\u00e9 n\u00e1r chuir s\u00e9 t\u00fas le ranganna \u2013 faoi sti\u00fair D\u00f3nal de Barra \u2013 go dt\u00ed go raibh s\u00e9 dh\u00e1 bhliain d\u00e9ag d\u2019aois. Chuir s\u00e9 t\u00fas lena ghairm bheatha ar bhonn gairmi\u00fail nuair a chuaigh s\u00e9 le Banna C\u00e9il\u00ed Chois na Sionainne a bhunaigh teaghlach Liddy. Th\u00e9adh an banna ar camchuairteanna ar Shasana agus ar fud na hEorpa.<\/p>\n<p>Sa bhliain 1991, d\u2019iarr Frankie Gavin ar Derek dul i bp\u00e1irt leis do na seisi\u00fain rialta a bh\u00edodh san \u00f3st\u00e1n a bh\u00edodh ar l\u00e9as aige an uair sin i gCinn Mhara, Contae na Gaillimhe. Bliain ina dhiaidh sin agus gan \u00e9 ach ocht mbliana d\u00e9ag d\u2019aois, chuaigh Derek le Arcady, banna Johnny \u2018Ringo\u2019 McDonagh in \u00e9ineacht le Frances Black, Brendan Larrisey agus Patsy Broderick.  \u00c1ir\u00edtear ar aoicheolt\u00f3ir\u00ed eile a bh\u00ed sa bhanna, Sharon Shannon, Cathal Hayden agus Gerry O\u2019Connor.<\/p>\n<p>Sa bhliain 1995, chuaigh Derek le De Dannan, rinne siad taifeadadh ar dh\u00e1 albam chomh maith lena bheith ag taistil go dt\u00ed gur scoir an banna ceoil sa bhliain 2003. T\u00e1 Derek ina theagasc\u00f3ir bosca cnaip\u00ed ar ch\u00farsa BA sa Cheol agus sa Damhsa Gaelach i nD\u00e1mh Chruinne \u00c9ireann Rince agus Ceoil in Ollscoil Luimnigh. Thug Derek taispe\u00e1ntas sa bhliain 2023 sa Cheol\u00e1ras N\u00e1isi\u00fanta i mBaile \u00c1tha Cliath mar chuid den tr\u00ed\u00fa sraith de \u2018Drawing from the Well\u2019 de chuid Thaisce Cheol D\u00fachais \u00c9ireann.  T\u00e1 Derek aitheanta i bhfad agus i ngearr mar dhuine de na ceolt\u00f3ir\u00ed \u00c9ireannacha is m\u00f3 le r\u00e1 agus is m\u00f3 a bhfuil tionchar aige mar bhoscad\u00f3ir agus mheas a chomhcheolt\u00f3ir, Dermot Byrne, go raibh a albam sa bhliain 2022 thar barr ar fad, \u201ctaifeadadh s\u00e1rchliste\u201d a thug s\u00e9 air.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>AMHR\u00c1NA\u00cd TG4 2024 &#8211; EOGHAN \u00d3 CEANNABH\u00c1IN<\/strong><br \/>\nIs amhr\u00e1na\u00ed, cumad\u00f3ir amhr\u00e1n agus ceolt\u00f3ir il-uirlise \u00e9 Eoghan \u00d3 Ceannabh\u00e1in at\u00e1 lonnaithe i mBaile \u00c1tha Cliath. T\u00e1 a chuid fr\u00e9amhacha ceoil sa sean-n\u00f3s, i st\u00edl a athar, Peadar agus d\u2019fh\u00e1s s\u00e9 suas ag \u00e9isteacht le hamhr\u00e1naithe amhail Sorcha N\u00ed Ghuairim, Se\u00e1n Mac Dhonncha agus Colm \u00d3 Caoidhe\u00e1in i measc maithe eile an traidisi\u00fain. T\u00e1 s\u00e9 faoi thionchar freisin ag amhr\u00e1naithe t\u00edre i dtraidisi\u00fan an Bh\u00e9arla, ar n\u00f3s, Liam Weldon, Luke Kelly, Anne Briggs, Margaret Barry agus Thomas McCarthy.<\/p>\n<p>T\u00e1 Eoghan ina bhall den bhanna Skipper\u2019s Alley. D\u2019oibrigh s\u00e9 le Mary Ann Kennedy \u00f3 Albain agus le Ruth Keggin \u00f3 Oile\u00e1n Mhanann ar a n-albam Aon Teanga: Un Chengey (2015). Bh\u00ed Eoghan ag ceol in \u00e9ineacht leis an mbanna t\u00edre\/leictreonaice, Jiggy, agus t\u00e1 s\u00e9 le cloiste\u00e1il ar an d\u00e1 albam, Translate (2017) agus Hypernova (2020). B\u00edonn s\u00e9 i mbun comhoibrithe leis an bhfidl\u00e9ara agus an vi\u00f3lad\u00f3ir \u00f3 Chontae an Chl\u00e1ir, Ultan O\u2019Brien, agus bhain a gc\u00e9ad albam, Solas an Lae, an t-albam is fearr amach ar Ghradaim Ceoil T\u00edre RT\u00c9 sa bhliain 2021.<br \/>\nLe blianta beag anuas, t\u00e1 Eoghan tagtha chun cinn mar cheolt\u00f3ir aonair agus mar chumad\u00f3ir amhr\u00e1n. Cuireann a chuid amhr\u00e1n \u2013 at\u00e1 scr\u00edofa i mB\u00e9arla agus i nGaeilge araon \u2013 lena bhun\u00fas sean-n\u00f3is ach tugann s\u00e9 isteach liric\u00ed ionraice \u00f3 thionchar ceoil eile le fuaim shaibhir, chomhaimseartha a chruth\u00fa. Tugadh amach a ch\u00e9ad albam aonair, \u2018The Deepest Breath\u2019 i m\u00ed na Samhna 2022, a bhain athbhreithni\u00fa ceithre r\u00e9alta amach san Irish Times, Songlines agus Hot Press.<br \/>\n<em>\u201cT\u00e1 bua na cruthaitheachta ag Eoghan at\u00e1 inchurtha le roinnt de chumad\u00f3ir\u00ed amhr\u00e1n m\u00f3ra na t\u00edre seo. Is cruth\u00fanas agus teistim\u00e9ireacht den mh\u00e9id sin iad na liric\u00ed at\u00e1 ar an Deepest Breath. Focail chumhachta dochreidte, at\u00e1 cos\u00fail le hamhr\u00e1in Liam Weldon at\u00e1 imithe ar shl\u00ed na f\u00edrinne, agus is leis an lucht oibre iad agus d\u00e9anann siad ionada\u00edocht ar an lucht oibre&#8230;\u201d<\/em> \u2013 Myles O\u2019Reilly<br \/>\n <em>\u201c\u2026a luaithe a chloisfidh t\u00fa a ghl\u00f3r, is beag seans go nd\u00e9anfaidh t\u00fa dearmad air\u201d<\/em> \u2013 Folk Radio na R\u00edochta Aontaithe<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>CEOLT\u00d3IR \u00d3G TG4 2024 \u2013 MACDARA \u00d3 FAOL\u00c1IN<\/strong><br \/>\nIs ceolt\u00f3ir il-uirlise agus d\u00e9ant\u00f3ir uirlis\u00ed \u00e9 Macdara \u00d3 Faol\u00e1in \u00f3n Rinn, Contae Phort L\u00e1irge. Thosaigh s\u00e9 ag foghlaim ar an bhfead\u00f3g st\u00e1in agus ar an bhfidil agus \u00e9 c\u00faig bliana d\u2019aois ach chuaigh s\u00e9 ar aghaidh go dt\u00ed an maindil\u00edn tar \u00e9is d\u00f3 a theacht trasna ar cheol Andy Irvine agus Planxty a chuir faoi gheasa \u00e9, faoi theagasc Peter O&#8217;Connor. Fuair s\u00e9 bas\u00faca\u00ed mar bhronntanas Nollag nuair a bh\u00ed s\u00e9 ocht mbliana d\u2019aois agus is gearr go raibh s\u00e9 mar phr\u00edomhuirlis ag Macdara, fuair s\u00e9 ceachtanna \u00f3 She\u00e1n \u00d3 Fearghail. Bh\u00ed Macdara ag ceol agus ag taifeadadh le roinnt de na ceolt\u00f3ir\u00ed is m\u00f3 le r\u00e1 i gceol traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann, lena n-\u00e1ir\u00edtear, Derek Hickey, The Friel Sisters, Nell N\u00ed Chr\u00f3in\u00edn, Cormac McCarthy, Victoria Adiiye agus Muireann Nic Amhlaoibh. Tagann an saineolas ar leith at\u00e1 ag Macdara ar arm\u00f3in agus ar theicn\u00edc uirlise le ch\u00e9ile lena st\u00edl uath\u00fail f\u00e9in a chruth\u00fa le tionlacan an bhas\u00faca\u00ed.<\/p>\n<p>Bh\u00ed sp\u00e9is mh\u00f3r ag Macdara san adhmad\u00f3ireacht \u00f3 bh\u00ed s\u00e9 an-\u00f3g agus idir an m\u00e9id sin agus an bhaint a bh\u00ed aige le huirlis\u00ed agus le casadh ceoil fuair s\u00e9 bronntanas uirliseoireachta do leana\u00ed \u00f3na thuismitheoir\u00ed.  Rinne Macdara, agus \u00e9 14 bliana d\u2019aois, a ch\u00e9ad uirlis &#8211; ucail\u00e9ile \u2013 mar chuid de chl\u00e1r an Teastais Sh\u00f3isearaigh.<br \/>\nIs d\u00e9ant\u00f3ir gairmi\u00fail t\u00e9aduirlis\u00ed \u00e9 Macdara anois agus uirlis\u00ed stiall\u00f3ige den scoth \u00e1 gcruth\u00fa aige \u2013 bas\u00facaithe agus maindil\u00edn\u00ed go pr\u00edomha &#8211; do chliaint idirn\u00e1isi\u00fanta \u00f3na sti\u00faideo sa tSeanphobal gar do theach an teaghlaigh sa Rinn.   T\u00e1 s\u00e9 ar dhuine de lucht bunaithe an ghr\u00fapa Nuad\u00e1n in \u00e9ineacht lena dhearth\u00e1ireacha C\u00e1rthach agus Pax, agus t\u00e1 taifeadadh d\u00e9anta aige ar dh\u00e1 albam in \u00e9ineacht leis an mbeirt freisin, &#8220;L\u00e1 Laind\u00ed Lugha&#8221; agus &#8220;D\u00e9n D\u00edobh\u00e1il&#8221;. T\u00e1 Macdara ag lean\u00faint ar aghaidh lena ghairm cheoil agus thug s\u00e9 c\u00e9im on\u00f3racha chun cr\u00edche le gairid i Scoil Cheoil Chorcaigh.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>GRADAM SAOIL TG4 2024 \u2013 JEAN BUTLER<\/strong><br \/>\nT\u00e1 an damhs\u00f3ir, an c\u00f3ir\u00e9agrafa\u00ed agus Sti\u00farth\u00f3ir Eala\u00edne Our Steps, Jean Butler, mar dhuine m\u00f3r le r\u00e1 i saol an damhsa chomhaimseartha Ghaelaigh. Rinneadh an ch\u00e9ad l\u00e9iri\u00fach\u00e1n ar an saothar is deireana\u00ed l\u00e9i, saothar proman\u00e1ide, su\u00edomh-oiri\u00fanaithe dar teideal \u2018What We Hold\u2019 ag F\u00e9ile Amharclanna\u00edochta Bhaile \u00c1tha Cliath i Nua-Eabhrac i m\u00ed Dheireadh F\u00f3mhair, 2022, agus fuair an saothar moladh m\u00f3r. Cuireadh \u2018What We Hold\u2019 os comhair phobal Mheirice\u00e1 Thuaidh den ch\u00e9ad uair i bhFeabhra 2024 san Irish Arts Center agus d\u00edoladh amach gach ceann den 30 se\u00f3. Thacaigh agus l\u00e9irigh an Chomhairle Eala\u00edon, Amharclann na Mainistreach (Baile \u00c1tha Cliath), Ionad Eala\u00edon Baryshnikov (Nua-Eabhrac) Tionscadal Danspace (Nua-Eabhrac) F\u00e9ile Rince Bhaile \u00c1tha Cliath, F\u00e9ile Amharclanna\u00edochta Bhaile \u00c1tha Cliath, Ionad Eala\u00edon na h\u00c9ireann (Nua-Eabhrac), Jacobs Pillow (MA), The Joyce (Nua-Eabhrac), Kennedy Center (D.C.), Project Arts Centre (Baile \u00c1tha Cliath), agus an Seamus Heaney Homeplace (Tuaisceart \u00c9ireann) saothair a bh\u00ed curtha i gcr\u00edch aici roimhe seo agus faoi l\u00e1thair.<\/p>\n<p>Sa bhliain 2018, bhunaigh Jean Butler Our Steps, eagra\u00edocht sheachbhrab\u00fasach a bh\u00ed tiomanta do leathn\u00fa a chur ar an mbealach a dtugaimid stair, cleachtas agus l\u00e9iri\u00fa damhsa Ghaelaigh chun cuimhne. I gcomhph\u00e1irt\u00edocht leis an Jerome Robbins Dance Division \u00f3 Leabharlann Phoibl\u00ed Nua-Eabhrac, chuir Our Steps t\u00fas le Our Steps, Our Story: An Irish Dance Legacy Archive.\u2019 Go dt\u00ed seo, t\u00e1 os cionn 200 uair an chloig d\u2019acmhainn\u00ed f\u00edse\u00e1in agus fuaime nach bhfacthas riamh cheana cruthaithe ag an gcartlann seo at\u00e1 ag leathn\u00fa de sh\u00edor, damhsa aonair agus damhsa seit agus stairsheanchas a chl\u00fada\u00edonn seacht\u00f3 bliain den stair \u00f3 \u00c9irinn, Sasana, Albain, St\u00e1it Aontaithe Mheirice\u00e1 agus Ceanada.<\/p>\n<p>Bh\u00ed Jean Butler i mbun teagaisc in Ollscoil Princeton, an Col\u00e1iste Ollscoile, Baile \u00c1tha Cliath, in Ionad Domhanda Ollscoil Notre Dame, D\u00e1mh Chruinne \u00c9ireann Rince agus Ceoil, Ollscoil Luimnigh agus an Glucksman Ireland House, NYU. Chuir s\u00ed t\u00fas lena gairm i mbun taibhithe i Nua-Eabhrac i Greenfields of American le Mick Moloney. Chaith Jean s\u00e9 bliana ar camchuairt leis The Chieftains sular thug s\u00ed faoi ch\u00f3ir\u00e9agrafa\u00edocht a dh\u00e9anamh sna bunl\u00e9irithe damhsa Ghaelaigh Riverdance agus Dancing on Dangerous Ground mar aon le bheith ag damhsa iontu. Is ioma\u00ed gradam agus on\u00f3ir m\u00f3r le r\u00e1 at\u00e1 bronnta uirthi. <\/p>\n<p>Is in\u00edon \u00ed Jean le Josephine Byrne Butler, \u00f3 Bh\u00e9al \u00c1tha hAmhnais, Contae Mhaigh Eo agus scol\u00e1ire de chuid an mh\u00e1istir damhsa, Donny Golden at\u00e1 lonnaithe i Nua-Eabhrac.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>CUMAD\u00d3IR TG4 2024 &#8211; RYAN MOLLOY<\/strong><br \/>\nIs cumad\u00f3ir agus ceolt\u00f3ir \u00e9 Ryan Molloy as Pomeroy, Contae Th\u00edr Eoghain, at\u00e1 ina ch\u00f3na\u00ed i gCill Dara faoi l\u00e1thair. T\u00e1 taifeadadh d\u00e9anta aige ar bhreis is tr\u00edocha albam agus cl\u00fada\u00edonn a repertoire l\u00edon se\u00e1nra\u00ed \u00f3 cheol traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann go ceol clasaiceach comhaimseartha. D\u2019oibrigh Ryan le l\u00edon ceolt\u00f3ir\u00ed a bhfuil c\u00e1il idirn\u00e1isi\u00fanta bainte amach acu, ar n\u00f3s, Fergal Scahill, Se\u00e1n \u00d3g Graham, Paddy Glackin, Iarla \u00d3 Lion\u00e1ird, North Cregg, Barry Kerr, Danish String Quartet, Ceolfhoireann Uladh, agus Ceolfhoireann Aireagail na h\u00c9ireann, i measc go leor eile.<br \/>\nT\u00e1 breis is caoga saothar scr\u00edofa aige agus t\u00e1 siad sin curtha i l\u00e1thair lucht f\u00e9achana ar fud ceithre ilchr\u00edoch le fiche bliain anuas, chomh maith le bheith le feice\u00e1il go rialta i gcraolta\u00ed n\u00e1isi\u00fanta agus idirn\u00e1isi\u00fanta teilif\u00edse agus raidi\u00f3 (lena n-\u00e1ir\u00edtear, BBC, RT\u00c9, TG4 agus RnaG). Mar chumad\u00f3ir, t\u00e1 ionada\u00edocht d\u00e9anta ag Ryan thar ceann na h\u00c9ireann ag f\u00e9ilte World New Music Days an ISCM m\u00f3r le r\u00e1 i Hong Cong (2015), Vancouver (2017) agus in Auckland\/Christchurch (2022).<br \/>\nBh\u00ed pianophony a tugadh amach sa bhliain 2019, ar an gc\u00e9ad taifeadadh aonair de chuid Ryan agus fuair s\u00e9 ardmholadh \u00f3 na l\u00e9irmheast\u00f3ir\u00ed mar \u2018ph\u00edosa t\u00e1bhachtach ceoil\u2019 i gcur i l\u00e1thair traidisi\u00fanta pian\u00f3, agus bhain siad amach dh\u00e1 ainmni\u00fach\u00e1n Gl\u00f3r T\u00edre d\u00f3 ar RT\u00c9 Radio 1 RT\u00c9 sna blianta 2020 agus 2021. Tugadh amach CD ceoil nua, Tempered, an bhliain sin freisin, don ph\u00edb uilleann agus don phian\u00f3, chomh maith le ceirn\u00edn leathfhada digiteach ar a raibh ciogal amhr\u00e1n 30 n\u00f3im\u00e9ad, Buaine na Gaoithe a bh\u00ed \u00e1 chur i l\u00e1thair ag an lucht coimisi\u00fanaithe, Damselfly Trio. I l\u00e1thair na huaire t\u00e1 Ryan ina Ollamh Comhlach sa chumad\u00f3ireacht in Ollscoil na h\u00c9ireann, Maigh Nuad. Tuairisc\u00edtear freisin go bhfuil an fhidil i measc a chuid uirlis\u00ed ceoil.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>GR\u00daPA CEOIL TG4 2024 \u2013 THE KANE SISTERS<\/strong><br \/>\nIs as Tuaisceart Chonamara Liz agus Yvonne Kane, ar a dtugtar na Deirfi\u00faracha Kane, ceolt\u00f3ir\u00ed agus oideoir\u00ed a bhfuil ardmheas orthu. Rugadh na Deirfi\u00faracha Kane i Leitir Fraic agus fuair siad a gcuid oideachais i Scoil Mhainistir na Coille M\u00f3ire. Is \u00ed an ceolt\u00f3ir den scoth agus m\u00fainteoir ceoil as Sligeach, Mary Finn agus a seanathair, Jimmy Mullen, a mh\u00fain an ceol d\u00f3ibh.<\/p>\n<p>Bh\u00ed Liz agus Yvonne, \u00f3 bh\u00ed siad an-\u00f3g, faoi thionchar m\u00f3r ag ceol traidisi\u00fanta Shligigh agus Oirthear na Gaillimhe, go h\u00e1irithe, ceol an chumad\u00f3ra den scoth agus a raibh an fhidil \u00e1 seinm aige freisin, Paddy Fahey. Bhain Liz agus Yvonne c\u00e1il n\u00e1isi\u00fanta agus idirn\u00e1isi\u00fanta amach den ch\u00e9ad uair le linn na tr\u00e9imhse tr\u00ed bliana a raibh siad ar camchuairt leis an mboscad\u00f3ir, Sharon Shannon, mar chomhalta\u00ed d\u00e1 banna ceoil, na Woodchoppers. Thaistil siad ar fud an domhain le Sharon Shannon agus t\u00e1 siad ar roinnt de na ceolt\u00f3ir\u00ed at\u00e1 le cloiste\u00e1il ar albam Sharon \u2018The Diamond Mountain Sessions\u2019.<\/p>\n<p>Tar \u00e9is na tr\u00e9imhse seo ar camchuairt le Sharon Shannon, rinne siad cinneadh bualadh faoin gceol astu f\u00e9in agus rinne siad taifeadadh ar a gc\u00e9ad albam sa bhliain 2002, dar teideal \u2018The Well Tempered Bow\u2019. Chuaigh na Deirfi\u00faracha Kane ar camchuairt in \u00c9irinn agus sna St\u00e1it Aontaithe tar \u00e9is d\u00f3ibh a gc\u00e9ad albam a thabhairt amach agus lean siad leis sin agus thug siad amach an dara halbam \u2018Under the Diamond\u2019 sa bhliain 2004 agus an tr\u00ed\u00fa halbam sa bhliain 2010 ar a dtugtar \u2018Side by side\u2019. Sa bhliain 2022, thug siad amach an cheathr\u00fa halbam \u2018In Memory of Paddy Fahey\u2019, albam ar a raibh c\u00faig cinn d\u00e9ag (15) de phoirt a chum Paddy Fahey chomh maith le roinnt poirt nua \u00f3 Liz agus Yvonne. T\u00e1 sceideal daingean teagaisc ag na deirfi\u00faracha, at\u00e1 lonnaithe i Leitir Fraic, le l\u00edon m\u00f3r daoine at\u00e1 ag iarraidh an fhidil a fhoghlaim, go h\u00e1iti\u00fail agus go f\u00edor\u00fail araon.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>GRADAM COMAOINE TG4 2024 \u2013 CAIRDEAS NA bhFIDIL\u00c9IR\u00cd <\/strong><br \/>\nBuna\u00edodh an eagra\u00edocht seo i dt\u00fas na 1980id\u00ed chun tac\u00fa le ceird na fidl\u00e9ireachta a chur chun cinn i dtraidisi\u00fan Dh\u00fan na nGall. T\u00e1 s\u00e9 mar mhisean cro\u00edl\u00e1ir ag an eagra\u00edocht faoi sti\u00fair an cheolt\u00f3ra\/an taighdeora agus an \u00fadair, Caoimh\u00edn MacAoidh agus an d\u00e9ant\u00f3ir fidle, Rab Cherry, an fhidl\u00e9ireacht i nD\u00fan na nGall a neart\u00fa \u00f3n bhonn an\u00edos agus caighde\u00e1in a fheabhs\u00fa, rannph\u00e1irt\u00edocht a chur chun cinn i ngach gn\u00e9 de cheol fidle Dh\u00fan na nGall agus tarchur st\u00edl agus repertoire Dh\u00fan na nGall a spreagadh. \u00c1ir\u00edtear ar phr\u00edomhimeachta\u00ed na heagra\u00edochta, Scoil Samhraidh Fidl\u00e9ir\u00ed Dh\u00fan na nGall bhliant\u00fail i nGleann Cholm Cille agus Cruinni\u00fa Fhidl\u00e9ir\u00ed Dh\u00fan na nGall Dheireadh F\u00f3mhair sna Gleannta. T\u00e1 baili\u00fach\u00e1n saothair suntasach taifeadta\u00ed le fidl\u00e9ir\u00ed eisithe ag Cairdeas na bhFidl\u00e9ir\u00ed, \u00f3n am at\u00e1 caite agus \u00f3n am i l\u00e1thair araon agus comhroinneann saibhreas eolais maidir le st\u00edleanna fidl\u00e9ireachta agus an stair agus an b\u00e9aloideas a bhaineann leis an gceird ar a l\u00e1ithre\u00e1n gr\u00e9as\u00e1in, dongealfiddlemusic.ie. Cuirtear sraith ceachtanna fidle ar f\u00e1il ar an l\u00e1ithre\u00e1n gr\u00e9as\u00e1in seo freisin le fidl\u00e9ir\u00ed comhaimseartha Dh\u00fan na nGall chomh maith leis an tionscadal uath\u00fail, T\u00edrdhreach Ceoil, cartagrafa\u00edocht maidir leis na fidl\u00e9ir\u00ed agus lena gcuid sc\u00e9alta ar fud an chontae.<br \/>\nT\u00e1 lorg buan f\u00e1gtha ag an iarracht ollmh\u00f3r at\u00e1 d\u00e9anta ag Cairdeas na bhFidl\u00e9ir\u00ed \u00f3 thaobh an traidisi\u00fan \u00e1iti\u00fail a chaomhn\u00fa agus pobal ceoil br\u00edomhar a choth\u00fa i nD\u00fan na nGall agus n\u00edos faide \u00f3 bhaile n\u00e1 D\u00fan na nGall. T\u00e1 a thionchar le brath ar gach fidl\u00e9ara sa chontae, \u00f3 dhaoine c\u00e1ili\u00fala amhail Tommy Peoples go fidl\u00e9ir\u00ed comhaimseartha amhail Mair\u00e9ad N\u00ed Mhaonaigh, agus r\u00e9alta\u00ed at\u00e1 ag teacht chun cinn amhail Megan Nic Fhionnghaile. T\u00e1 an ghl\u00fain \u00e9ags\u00fail agus fuinni\u00fail d\u2019fhidl\u00e9ir\u00ed comhaimseartha ar fud Dh\u00fan na nGall mar theistim\u00e9ireacht ar thionchar ollmh\u00f3r maidir leis an m\u00e9id at\u00e1 bainte amach ag an eagra\u00edocht seo.<br \/>\nFeidhm\u00edonn Cairdeas na bhFidl\u00e9ir\u00ed mar eagra\u00edocht dheonach sheachbhrab\u00fasach agus d\u00e9antar aon ioncam a chrutha\u00edtear a infheisti\u00fa go d\u00edreach in imeachta\u00ed, cl\u00e1ir, foilseach\u00e1in, tionscadail agus taca\u00edocht do cheolt\u00f3ir\u00ed na heagra\u00edochta. Tugann an Chomhairle Eala\u00edon taca\u00edocht do mhisean na heagra\u00edochta a chuireann taca\u00edocht airgid ar f\u00e1il at\u00e1 r\u00edth\u00e1bhachtach don obair seo.<\/p>\n<p>&nbsp;<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>Pic: Derek Hickey &nbsp; F\u00f3gra\u00edodh buaiteoir\u00ed ar fheabhas na bliana seo le linn ceolchoirm speisialta am l\u00f3in i nD\u00e1mh Chruinne \u00c9ireann Ollscoil Luimnigh. &nbsp; T\u00e1 Gradam Ceoil TG4, at\u00e1 27 mbliana ar an bhf\u00f3d anois, f\u00f3s ag tabhairt aitheantais don scoth taibhi\u00fach\u00e1in agus don tionchar cult\u00fair i seacht gcatag\u00f3ir agus ag d\u00e9anamh ceili\u00faradh orthu. Is [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":876,"featured_media":0,"parent":208148,"menu_order":10,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"page-templates\/template-pr.php","meta":{"_acf_changed":false,"footnotes":""},"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v22.6 - https:\/\/yoast.com\/wordpress\/plugins\/seo\/ -->\n<title>An on\u00f3ir is airde i gCeol Traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann le bronnadh ar an mboscad\u00f3ir as Luimneach, Derek Hickey | Preas R\u00e1iteas | TG4<\/title>\n<meta name=\"description\" content=\"F\u00f3gra\u00edodh buaiteoir\u00ed ar fheabhas na bliana seo le linn ceolchoirm speisialta am l\u00f3in i nD\u00e1mh Chruinne \u00c9ireann Ollscoil Luimnigh.\" \/>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"en_US\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"An on\u00f3ir is airde i gCeol Traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann le bronnadh ar an mboscad\u00f3ir as Luimneach, Derek Hickey | Preas R\u00e1iteas | TG4\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"F\u00f3gra\u00edodh buaiteoir\u00ed ar fheabhas na bliana seo le linn ceolchoirm speisialta am l\u00f3in i nD\u00e1mh Chruinne \u00c9ireann Ollscoil Luimnigh.\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"TG4\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/TG4TV\" \/>\n<meta property=\"og:image\" content=\"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/26130128\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1.jpg\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:width\" content=\"1920\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:height\" content=\"1080\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:type\" content=\"image\/jpeg\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:image\" content=\"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/26130128\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1.jpg\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@TG4TV\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"13 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\/\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/\",\"url\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/\",\"name\":\"An on\u00f3ir is airde i gCeol Traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann le bronnadh ar an mboscad\u00f3ir as Luimneach, Derek Hickey | Preas R\u00e1iteas | TG4\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/#website\"},\"primaryImageOfPage\":{\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/#primaryimage\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1.jpg\",\"datePublished\":\"2024-03-26T14:59:58+00:00\",\"dateModified\":\"2024-03-26T14:59:58+00:00\",\"description\":\"F\u00f3gra\u00edodh buaiteoir\u00ed ar fheabhas na bliana seo le linn ceolchoirm speisialta am l\u00f3in i nD\u00e1mh Chruinne \u00c9ireann Ollscoil Luimnigh.\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/\"]}]},{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga\",\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/#primaryimage\",\"url\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1.jpg\",\"contentUrl\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1.jpg\"},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Home\",\"item\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"Eolas\",\"item\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":3,\"name\":\"Preas\",\"item\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":4,\"name\":\"Nuacht R\u00e1itis\",\"item\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":5,\"name\":\"2024\",\"item\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":6,\"name\":\"An on\u00f3ir is airde i gCeol Traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann le bronnadh ar an mboscad\u00f3ir as Luimneach, Derek Hickey\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/#website\",\"url\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/\",\"name\":\"TG4\",\"description\":\"S\u00fail Eile\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":\"required name=search_term_string\"}],\"inLanguage\":\"ga\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"An on\u00f3ir is airde i gCeol Traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann le bronnadh ar an mboscad\u00f3ir as Luimneach, Derek Hickey | Preas R\u00e1iteas | TG4","description":"F\u00f3gra\u00edodh buaiteoir\u00ed ar fheabhas na bliana seo le linn ceolchoirm speisialta am l\u00f3in i nD\u00e1mh Chruinne \u00c9ireann Ollscoil Luimnigh.","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"og_locale":"en_US","og_type":"article","og_title":"An on\u00f3ir is airde i gCeol Traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann le bronnadh ar an mboscad\u00f3ir as Luimneach, Derek Hickey | Preas R\u00e1iteas | TG4","og_description":"F\u00f3gra\u00edodh buaiteoir\u00ed ar fheabhas na bliana seo le linn ceolchoirm speisialta am l\u00f3in i nD\u00e1mh Chruinne \u00c9ireann Ollscoil Luimnigh.","og_url":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/","og_site_name":"TG4","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/TG4TV","og_image":[{"width":1920,"height":1080,"url":"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/26130128\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1.jpg","type":"image\/jpeg"}],"twitter_card":"summary_large_image","twitter_image":"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/26130128\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1.jpg","twitter_site":"@TG4TV","twitter_misc":{"Est. reading time":"13 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/","url":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/","name":"An on\u00f3ir is airde i gCeol Traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann le bronnadh ar an mboscad\u00f3ir as Luimneach, Derek Hickey | Preas R\u00e1iteas | TG4","isPartOf":{"@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/#website"},"primaryImageOfPage":{"@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/#primaryimage"},"image":{"@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/dev.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1.jpg","datePublished":"2024-03-26T14:59:58+00:00","dateModified":"2024-03-26T14:59:58+00:00","description":"F\u00f3gra\u00edodh buaiteoir\u00ed ar fheabhas na bliana seo le linn ceolchoirm speisialta am l\u00f3in i nD\u00e1mh Chruinne \u00c9ireann Ollscoil Luimnigh.","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/"]}]},{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga","@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/#primaryimage","url":"https:\/\/dev.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1.jpg","contentUrl":"https:\/\/dev.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2024\/03\/Derek_Hickey_1-1920x1080-1.jpg"},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/an-onoir-is-airde-i-gceol-traidisiunta-na-heireann-le-bronnadh-ar-an-mboscadoir-as-luimneach-derek-hickey\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Home","item":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"Eolas","item":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/"},{"@type":"ListItem","position":3,"name":"Preas","item":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/"},{"@type":"ListItem","position":4,"name":"Nuacht R\u00e1itis","item":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/"},{"@type":"ListItem","position":5,"name":"2024","item":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2024-2\/"},{"@type":"ListItem","position":6,"name":"An on\u00f3ir is airde i gCeol Traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann le bronnadh ar an mboscad\u00f3ir as Luimneach, Derek Hickey"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/#website","url":"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/","name":"TG4","description":"S\u00fail Eile","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/?s={search_term_string}"},"query-input":"required name=search_term_string"}],"inLanguage":"ga"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/213816"}],"collection":[{"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/876"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=213816"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/213816\/revisions"}],"up":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/208148"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=213816"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}