{"id":236983,"date":"2025-01-16T12:05:52","date_gmt":"2025-01-16T12:05:52","guid":{"rendered":"https:\/\/dev.tg4.ie\/?page_id=236983"},"modified":"2025-01-16T12:05:52","modified_gmt":"2025-01-16T12:05:52","slug":"laochra-gael-sraith-nua-seolta","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/","title":{"rendered":"Laochra Gael &#8211; Sraith Nua Seolta"},"content":{"rendered":"<table>\n<tbody>\n<tr>\n<td width=\"100%\"><img loading=\"lazy\" decoding=\"async\" width=\"1920\" height=\"1080\" src=\"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/21122251\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1.jpg\" alt=\"\" class=\"aligncenter size-full wp-image-207565\" srcset=\"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/21122251\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1.jpg 1920w, https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/21122251\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1-250x141.jpg 250w, https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/21122251\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1-700x394.jpg 700w, https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/21122251\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1-252x141.jpg 252w, https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/21122251\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1-1536x864.jpg 1536w, https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/21122251\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1-120x68.jpg 120w\" sizes=\"(max-width: 1920px) 100vw, 1920px\" \/><\/td>\n<\/tr>\n<\/tbody>\n<\/table>\n<p>&nbsp;<\/p>\n<div style=\"position:relative;padding-top:56.25%;\">\n  <iframe src=\"https:\/\/www.youtube.com\/embed\/MqGxZL1pqaw\" frameborder=\"0\" allowfullscreen style=\"position:absolute;top:0;left:0;width:100%;height:100%;\"><\/iframe>\n<\/div>\n<p>&nbsp;<br \/>\nFillfidh an tsraith mh\u00f3r CLG ar TG4 don tri\u00fa s\u00e9as\u00far is fiche. Ocht gcl\u00e1r \u00farnua a bheidh sa tsraith CLG is \u00fadar\u00e1sa\u00ed ar an sc\u00e1ile\u00e1n seo. Ochtar Laochra Gael nua a bhfuil gaisce d\u00e9anta ar an bp\u00e1irc agus a bhfuil sc\u00e9alta f\u00e9in agus saol ar leith caite acu ar fad is \u00e1bhar don tsraith. Is f\u00edor-laochra iad seo go l\u00e9ir agus t\u00e1 a gc\u00e1il rompu. Sa tsraith seo, tabharfar l\u00e9argas ioml\u00e1n pearsanta orthu agus ar an gceangal at\u00e1 acu lena sp\u00f3rt agus leis an saol m\u00f3rthimpeall orthu. A ngairm sa sp\u00f3rt a bheidh ina c\u00falra ag an sc\u00e9al, ach pl\u00e9ifear i bhfad n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 sin sa tsraith, ina measc saol na Laochra taobh amuigh den ph\u00e1irc a bheidh ina \u00e1bhar sp\u00e9ise tarraingteach ag an lucht f\u00e9achana chomh maith.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>P\u00e1draic Maher<\/strong><\/p>\n<p>Cuirfear t\u00fas leis an tSraith le sc\u00e9al Ph\u00e1draic Maher, duine de na hiom\u00e1naithe is fearr i dTiobraid \u00c1rann agus duine de na c\u00falaithe l\u00e1ir is ceannasa\u00ed sa chluiche. Cuimhn\u00edtear air mar fh\u00f3rsa sa ghl\u00fain CLG a d&#8217;ardaigh caighde\u00e1n an sp\u00f3irt. Ba l\u00e9ir \u00f3n gcaoi ar iompar s\u00e9 \u00e9 f\u00e9in, \u00f3na cheannaireacht agus a neart ar an bp\u00e1irc go raibh \u00e9achta\u00ed nach beag i nd\u00e1n d\u00f3 i gc\u00f3na\u00ed. Bh\u00ed a chro\u00ed agus a anam san iom\u00e1int agus cuireadh gn\u00e9ithe eile d\u00e1 shaoil ar an m\u00e9ar fhada d\u00e1 barr. Ach chuir gort\u00fa d\u00e1 mhuine\u00e1l deireadh dr\u00e1mat\u00fail leis sin. B\u2019\u00e9igean do Ph\u00e1draic \u00e9ir\u00ed as an gcluiche a raibh gr\u00e1 aige d\u00f3 agus bh\u00ed s\u00e9 deacair aige d\u00e9ile\u00e1il leis sin.<\/p>\n<p>Sti\u00farth\u00f3ir: Sarah McCoy. Eagarth\u00f3ir: Ray Kirby. Rannph\u00e1irtithe: P\u00e1draic Maher, Brendan Maher, Ronan Maher, Michael Fennelly, Vincent Hogan, Seamus Kennedy, Donal O\u2019Grady, Paul Rouse, Ken McGrath, Seamus Callinan, Helen Maher, Claire Gaynor.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>Marc \u00d3 S\u00e9<\/strong><\/p>\n<p>Ba \u00e9 Marc \u00d3 S\u00e9, fear a bhfuil c\u00faig bhonn uile \u00c9ireann aige, duine de na cosant\u00f3ir\u00ed ba l\u00e1idre agus ba scili\u00fala sa pheil tr\u00e1th. Bh\u00edodh s\u00e9 ag f\u00e9achaint ar pheilead\u00f3ir\u00ed Chiarra\u00ed nuair a bh\u00ed s\u00e9 ina leaid \u00f3g, tr\u00e1th a rabhadar i mbarr a r\u00e9ime, agus ba chomharsa b\u00e9al dorais \u00e9 duine de laochra na foirne sin, a uncail P\u00e1id\u00ed. Bh\u00ed a theaghlach ar maos i gc\u00farsa\u00ed peile Chiarra\u00ed agus de bharr go raibh a chuid dearth\u00e1ireacha ag imirt leis an gcontae, chuir s\u00e9 sin tuilleadh flosca ar Mharc, a bh\u00ed ag faire orthu ag buachan, aithris a dh\u00e9anamh orthu. Bh\u00ed an-mheas ar Mharc i measc an phobail le linn a r\u00e9 imeartha mar, mar ba ghn\u00e1ch le muintir U\u00ed Sh\u00e9, d\u2019imir s\u00e9 a chluiche is fearr i gc\u00f3na\u00ed in am an gh\u00e1tair. Bh\u00ed s\u00e9 in ann a bheith p\u00e1irteach i gcathanna cosanta agus sc\u00f3ranna a aimsi\u00fa freisin, rud a d\u2019ardaigh meanma na foirne.  <\/p>\n<p>Sti\u00farth\u00f3ir: Cormac Morel. Eagarth\u00f3ir: Ray Kirby. Rannph\u00e1irtithe: Marc \u00d3 S\u00e9; Tom\u00e1s \u00d3 S\u00e9, Fergal \u00d3 S\u00e9, Michael Foley, Colm Cooper, Paul Rouse, Donnacha O\u2019Connor, P\u00e1draig \u00d3g \u00d3 S\u00e9, Ellen U\u00ed Sh\u00e9, M\u00edche\u00e1l \u00d3 S\u00e9, Joan U\u00ed Sh\u00e9.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>Ursula Jacob<\/strong> <\/p>\n<p>Is \u00f3 r\u00edshliocht iom\u00e1na Jacob in Abhallort-An Bealach Ursula Jacob. D\u00e9antar cur s\u00edos uirthi mar dhuine de na laochra is fearr a d\u2019imir an cluiche riamh. Bhuaigh s\u00ed 4 bhonn na h\u00c9ireann le Loch Garman agus 4 ghradam All-Star. Bh\u00ed s\u00ed ina captaen nuair a bhuaigh Loch Garman an chraobh in 2011 agus bh\u00ed s\u00ed ar th\u00fas cadhna\u00edochta san ionsa\u00ed i gc\u00f3na\u00ed. Thosaigh s\u00ed ag obair ina hanail\u00eds\u00ed ar The Sunday Game nuair a d\u2019\u00e9irigh s\u00ed as an imirt agus ba \u00ed an ch\u00e9ad bhean a bh\u00edodh ar an bpain\u00e9al go rialta. Ach th\u00e1inig c\u00fapla d\u00fashl\u00e1n chun solais ina dhiaidh sin agus b\u2019in go raibh daoine ag d\u00e9anamh troll\u00e1la uirthi ar l\u00edne, rud a bh\u00ed ag cur as go m\u00f3r di. Is ceannaire ceart \u00ed agus ghlac s\u00ed seasamh cr\u00f3ga in \u00e9ad\u00e1n na bula\u00edochta sin, fadhb at\u00e1 ag dul i m\u00e9id faraor in \u00c9irinn, go h\u00e1irithe i measc na n-\u00f3g. <\/p>\n<p>Sti\u00farth\u00f3ir: Miriam Fitzsimons. Eagarth\u00f3ir: Yvonne Weafer. Rannph\u00e1irtithe: Ursula Jacob; Karen Atkinson; Brendan Cruise; Br\u00edd\u00edn Cruise; Cyril Farrell; Anna Geary; Breda Jacob; Helena Jacob; Mick Jacob; Michael Jacob; Rory Jacob; Mary Leacy; \u00dana Leacy; Daragh \u00d3 Conch\u00fair; Aoife O\u2019Connor; Keith Rossiter; Martin Storey<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>R\u00f3n\u00e1n Clarke<\/strong><\/p>\n<p>\u00c1ir\u00edtear R\u00f3n\u00e1n Clarke ar dhuine de na tosaithe is fearr riamh i gcontae Ard Mhacha. Chabhraigh R\u00f3n\u00e1n lena chontae cluiche ceannais na h\u00c9ireann a bhuachan in 2002 ina ch\u00e9ad bhliain ar an bpain\u00e9al, c\u00e9 nach raibh s\u00e9 ach naoi mbliana d\u00e9ag d\u2019aois. Bronnadh an gradam d\u2019Imreoir \u00d3g na Bliana air an bhliain che\u00e1nna. Ach, c\u00e9 gur bhuaigh s\u00e9 gradaim phearsanta agus go leor craobhacha le hArd Mhacha, ba mhinic gortaithe \u00e9ags\u00fala a bheith ag cur bac ar a chuid imeartha, gort\u00fa ina measc a chuir a shaol i gcont\u00fairt. Dh\u00faisigh s\u00e9 san aonad dianch\u00faraim c\u00faig l\u00e1 tar \u00e9is d\u00f3 gort\u00fa a fh\u00e1il sa cheann, gort\u00fa a fuair s\u00e9 nuair a bhuail s\u00e9 a cheann in aghaidh cuaille agus a chuir deireadh lena chuid laethanta imeartha peile.<\/p>\n<p>Sti\u00farth\u00f3ir: Cormac Morel. Eagarth\u00f3ir: Seanie Mac Craith. Rannph\u00e1irtithe: R\u00f3n\u00e1n Clarke, Michelle McCoy, Anne Clarke, Adrian Clarke, David McCoy, Mark Harte, Damien \u00d3 D\u00f3naill, Ois\u00edn McConville, Barry Owens, Kieran Cunningham, Malachy O\u2019Neill, Bronwyn McSorley.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>Michael Bond<\/strong><\/p>\n<p>Ba r\u00e9 ghl\u00f3rmhar, l\u00e1n d\u00f3chais iad na n\u00f3chaid\u00ed i gc\u00farsa\u00ed iom\u00e1na\u00edochta agus bh\u00ed iom\u00e1naithe U\u00edbh Fhail\u00ed l\u00e1rnach sa tr\u00e9imhse r\u00e9abhl\u00f3ideach sin. Ach bh\u00ed U\u00edbh Fhail\u00ed ar an d\u00e9 deiridh faoin mbliain 1998 agus gan aon bhainisteoir acu. Chuir siad ionadh ar gach \u00e9inne nuair a chuir siad a muin\u00edn i bhfear nach raibh m\u00f3r\u00e1n c\u00e1il air i gc\u00farsa\u00ed iom\u00e1na\u00edochta, Michael Bond.  D\u2019\u00e9irigh leis foireann U\u00edbh Fhail\u00ed a sti\u00faradh tr\u00ed chraobh lenar bhain d\u00fashl\u00e1n, lena n-\u00e1ir\u00edtear cluiche leathcheannais consp\u00f3ideach i gcoinne an Chl\u00e1ir inar s\u00e9ideadh an fhead\u00f3g roimh an am agus ar tion\u00f3ladh ag\u00f3id stairi\u00fail ina choinne. D\u2019\u00e9irigh le hU\u00edbh Fhail\u00ed an bua a fh\u00e1il san athimirt ina dhiaidh sin. Bh\u00ed an l\u00e1 leis nuair a d\u2019\u00e9irigh le foireann U\u00edbh Fhail\u00ed cluiche ceannais na h\u00c9ireann a bhuachan in aghaidh Chill Chainnigh. D\u2019fh\u00e1g r\u00e9 Michael Bond lorg buan ar ch\u00farsa\u00ed iom\u00e1na\u00edochta in U\u00edbh Fhail\u00ed, r\u00e9 inar crutha\u00edodh cairdeas ar feadh an tsaoil agus inar cuireadh a cheannaireacht, a humhla\u00edocht agus an rath dr\u00e1mat\u00fail a bh\u00ed ar chraobhchom\u00f3rtas 1998 i gcuimhne d\u00fainn. <\/p>\n<p>Sti\u00farth\u00f3ir: Hugh Walsh. Eagarth\u00f3ir: Cian O\u2019Halloran. Rannph\u00e1irtithe: Michael Bond, Gerard Bond, Vincent Hogan, Michael Duignan, Pat Fleury, Se\u00e1n B\u00e1n Breathnach, Jamesie O\u2019Connor, Jim Wall, Liam \u00d3 R\u00edord\u00e1in, David Burke.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>Br\u00edd Stack<\/strong><\/p>\n<p>Sc\u00e9al Bhr\u00edd Stack, iar-pheilead\u00f3ir le Corcaigh a d\u2019imir le linn tr\u00e9imhse a raibh Corcaigh i gceannas ar Pheil na mBan, blianta na 2000id\u00ed.  Ba phearsa l\u00e1rnach \u00ed Br\u00edd ar an bhfoireann sin agus d\u2019\u00e9irigh l\u00e9i 11 bhonn a bhuachan. L\u00e9irigh AFLW suim inti nuair a d\u2019\u00e9irigh s\u00ed as an bpeil agus shocraigh s\u00ed, in \u00e9ineacht lena fear c\u00e9ile agus a mac, bogadh go dt\u00ed an Astr\u00e1il chun gairm eile sp\u00f3irt a lean\u00faint. Ar an drochuair bh\u00ed Br\u00edd ag streachailt le gort\u00fa uaf\u00e1sach a tharla di i gcom\u00f3rtas r\u00e9amh-sh\u00e9as\u00fair ina c\u00e9ad bhliain thall, rud a d\u2019fh\u00e1g ar an taobhl\u00edne \u00ed agus veirteabra briste ina droim aici. T\u00e1 labhartha ag Br\u00edd go hoscailte faoi dh\u00e1 bhreith anaba\u00ed a bh\u00ed aici agus ar chomh t\u00e1bhachtach is a bh\u00ed sp\u00f3rt di le linn na tr\u00e9imhse sin mar gur thug s\u00e9 c\u00fanamh m\u00f3r di agus \u00ed ag streachailt. D\u00fairt s\u00ed go dtuigeann s\u00ed go bhf\u00e9adfadh go leor ban, roinnt d\u00e1 cuid cairde san \u00e1ireamh, a bheith ag streachailt le c\u00farsa\u00ed gini\u00fana freisin. B\u00edonn breith anaba\u00ed ag tuairim is 14,000 bean in \u00c9irinn gach bliain \u2013 sin idir 20% agus 25% de na mn\u00e1 go l\u00e9ir a bh\u00edonn ag iompar p\u00e1iste. <\/p>\n<p>Sti\u00farth\u00f3ir: Aisling N\u00ed Fhlaithearta. Eagarth\u00f3ir: Cian O\u2019Halloran. Rannph\u00e1irtithe: Br\u00edd Stack, Michael Stack, Elizabeth Stack, C\u00e1rthach Keane, Angela Walsh, Daragh \u00d3 Conch\u00fair, Sorcha Furlong; Norita Kelly; Valerie Mulcahy; Nollaig Casey; Rena Buckley.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>Ben &#038; Jerry O\u2019Connor<\/strong><\/p>\n<p>T\u00e1 saol Ben agus Jerry O\u2019Connor ar ph\u00e1irc na himeartha agus sa saol tr\u00ed ch\u00e9ile fite fuaite ina ch\u00e9ile le breis is c\u00faig bliana is daichead. C\u00fapla iad Ben agus Jerry. T\u00e1 a dtithe i ngiorracht c\u00e9ad slat d\u00e1 ch\u00e9ile agus t\u00e1 tri\u00far clainne ag Ben agus tri\u00far ag Jerry. Is macasamhail d\u00e1 ch\u00e9ile iad i ngach aon tsl\u00ed de r\u00e9ir dealraimh. C\u00e9 go raibh st\u00edleanna difri\u00fala acu, n\u00edorbh fhada go raibh dul chun cinn \u00e1 dheanamh ag Baile Nua Sheandroma san iom\u00e1int agus chabhraigh Ben agus Jerry lena gclub barr cruaiche a bhaint amach in 2004. Bh\u00ed an t-am tagtha go mbeadh an rath c\u00e9anna i nd\u00e1n d\u2019fhoireann Chorca\u00ed. Laistigh d\u00e1 gcuid r\u00e9anna imeartha bhuaigh Ben 3 bhonn uile \u00c9ireann agus Jerry p\u00e9ire, mar sin bh\u00ed c\u00fapla bliain rath\u00fala acu lena gclub agus lena gcontae.<\/p>\n<p>Sti\u00farth\u00f3ir:  Cormac Morel. Eagarth\u00f3ir: Cian O\u2019Halloran. Rannph\u00e1irtithe: Jerry O&#8217;Connor; Ben O&#8217;Connor; Bernie O&#8217;Connor; Kathleen O&#8217;Connor; Sarah O&#8217;Connor; Niamh O&#8217;Connor; Michael Foley; Ronan Curran; Se\u00e1n \u00d3g \u00d3 hAilp\u00edn; Donal O&#8217;Grady; Pat Fluery; Eddie Brennan; Ken McGrath; Andrei Daniliuk.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>Eamon McGee<\/strong><\/p>\n<p>Cuirfear clabhs\u00far leis an tsraith nua de Laochra Gael le sc\u00e9al Eamon McGee, duine de chosant\u00f3ir\u00ed is fearr na t\u00edre seo. Ba chosant\u00f3ir tathagach \u00e9 McGee in aonad cosanta Dh\u00fan na nGall mar gheall ar a sheasmhacht agus mar gheall ar an neart a bh\u00ed ann ina imreoir. Ach n\u00ed saol gan cor at\u00e1 caite ag Eamon go dt\u00ed seo agus aghaidh tugtha aige ar mh\u00f3r\u00e1n cathanna pearsanta, cathanna a d\u2019fh\u00e1g a shaol ar an bp\u00e1irc agus lasmuigh di n\u00edos casta. \u00c9al\u00fa agus \u00e1bhar faoisimh ab ea an pheil do Eamon le linn a shaoil, agus ba ch\u00fais bhr\u00f3id \u00e9 d\u00f3 nuair a bhuaigh s\u00e9 bonn uile \u00c9ireann le D\u00fan na nGall in 2012 faoi sti\u00fair Jim McGuinness.<\/p>\n<p>Sti\u00farth\u00f3ir:  Edel Fox. Eagarth\u00f3ir: Seanie Mac Craith. Rannph\u00e1irtithe : Eamon McGee; Neil McGee; Anne McElheney; Rory Kavanagh; Brian McEniff; Joanne Gillen; Stephen O\u2019Neill; Steven McDonnell; Kieran Cunningham; Damien \u00d3 D\u00f3naill; Daisy, Luca &#038; Evie McGee.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>D\u00fairt <strong>Uachtar\u00e1n CLG, Jarlath Burns<\/strong>: <em>&#8220;Cuirim f\u00e1ilte mh\u00f3r roimh an bhf\u00f3gra go bhfuil sraith eile de Laochra Gael \u00e1 sheoladh mar go bhfaightear l\u00e9argas ioml\u00e1n nua ar na himreoir\u00ed is fearr \u00f3 mhuintir na gcluich\u00ed Gaelacha i gcoitinne.&#8221;<\/em><\/p>\n<p><em>&#8220;T\u00e1 taca\u00edocht TG4 agus Nemeton d\u00e1r gcluich\u00ed ar cheann de shainmharcanna a ratha agus is m\u00f3r an luach \u00e9 sin. Anuas ar an gcl\u00fadach nu\u00e1lach beo ar l\u00e1 na gcluich\u00ed, cuireann Laochra Gael go m\u00f3r lena saothar chun an teanga agus \u00e1r gcluich\u00ed a chur chun cinn agus go l\u00e9ir tr\u00ed mhe\u00e1n na s\u00e1rsc\u00e9ala\u00edochta. Is l\u00e9ir gur sraith \u00ed seo a bhfuil an-t\u00f3ir uirthi \u00f3 tharla go bhfuiltear anois ag ceili\u00faradh an 23\u00fa sraith, t\u00e1im ag tn\u00fath leis na cl\u00e1ir uair an chloig is d\u00e9ana\u00ed a fheice\u00e1il. Maith sibh go l\u00e9ir a bh\u00ed p\u00e1irteach sa tionscadal is d\u00e9ana\u00ed seo.&#8221;<\/em><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>D\u00fairt <strong>Alan Esslemont, Ardsti\u00farth\u00f3ir TG4<\/strong>: <em>\u201cT\u00e1 Laochra Gael ina chuid t\u00e1bhachtach anois den sceideal agus \u00e9ir\u00edonn leis roinnt de scothimreoir\u00ed na gcluich\u00ed Gaelacha a chur in\u00e1r l\u00e1thair bliain i ndiaidh bliana.  Is sraith \u00ed seo ar ch\u00f3ir do gach duine f\u00e9achaint uirthi mar go n-\u00e9ir\u00edtear inti an oiread de sh\u00e1rimreoir\u00ed na gcluich\u00ed a l\u00e9iri\u00fa mar aon leis na scileanna den scoth at\u00e1 acu go l\u00e9ir agus na cluich\u00ed iontacha a d\u2019imir siad a chur i gcuimhne d\u00fainn.\u201d D\u00fairt s\u00e9 freisin, \u201cIs l\u00e9iri\u00fa eile freisin \u00e9 ar chomh maith is at\u00e1 ag \u00e9ir\u00ed leis an tsraith seo ar an gcaidreamh l\u00e1idir at\u00e1 ag Tg4 leis na Cluich\u00ed Gaelacha ina gcuirtear na cluich\u00ed agus an teanga araon chun cinn agus t\u00e1im ag s\u00fail le neart eile cl\u00e1r sa tsraith fhadbhunaithe seo a fheice\u00e1il san am at\u00e1 le teacht.\u201d<\/em><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Is \u00e9 NemetonTV, comhlacht neamhsple\u00e1ch sa Rinn, i nGaeltacht na nD\u00e9ise a l\u00e9ir\u00edonn formh\u00f3r de chl\u00e1ir sp\u00f3irt TG4.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong><u>Sraith Laochra Gael:<\/u><\/strong><\/p>\n<p>Cl\u00e1r 1:   P\u00e1draic Maher, 9.30pm, D\u00e9ardaoin an 23 Ean\u00e1ir  <\/p>\n<p>Cl\u00e1r 2:  Marc \u00d3 S\u00e9, 9.30pm, D\u00e9ardaoin an 30 Ean\u00e1ir  <\/p>\n<p>Cl\u00e1r 3:  Ursula Jacob, 9.30pm, D\u00e9ardaoin an 6 Feabhra<\/p>\n<p>Cl\u00e1r 4:  R\u00f3n\u00e1n Clarke,  9.30pm, D\u00e9ardaoin an 13 Feabhra<\/p>\n<p>Cl\u00e1r 5: Michael Bond, 9.30pm, D\u00e9ardaoin an 20 Feabhra<\/p>\n<p>Cl\u00e1r 6: Br\u00edd Stack, 9.30pm, D\u00e9ardaoin an 27 Feabhra<\/p>\n<p>Cl\u00e1r 7: Ben &#038; Jerry O\u2019Connor, 9.30pm, D\u00e9ardaoin an 6 M\u00e1rta<\/p>\n<p>Cl\u00e1r 8: Eamon McGee, 9.30pm, D\u00e9ardaoin an 13 M\u00e1rta<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>&nbsp; &nbsp; Fillfidh an tsraith mh\u00f3r CLG ar TG4 don tri\u00fa s\u00e9as\u00far is fiche. Ocht gcl\u00e1r \u00farnua a bheidh sa tsraith CLG is \u00fadar\u00e1sa\u00ed ar an sc\u00e1ile\u00e1n seo. Ochtar Laochra Gael nua a bhfuil gaisce d\u00e9anta ar an bp\u00e1irc agus a bhfuil sc\u00e9alta f\u00e9in agus saol ar leith caite acu ar fad is \u00e1bhar don [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":876,"featured_media":0,"parent":236807,"menu_order":3,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"page-templates\/template-pr.php","meta":{"_acf_changed":false,"footnotes":""},"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v22.6 - https:\/\/yoast.com\/wordpress\/plugins\/seo\/ -->\n<title>Laochra Gael - Sraith Nua Seolta | Preasr\u00e1iteas | TG4<\/title>\n<meta name=\"description\" content=\"Fillfidh an tsraith mh\u00f3r CLG ar TG4 don tri\u00fa s\u00e9as\u00far is fiche. Ocht gcl\u00e1r \u00farnua a bheidh sa tsraith CLG is \u00fadar\u00e1sa\u00ed ar an sc\u00e1ile\u00e1n seo.\" \/>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"en_US\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"Laochra Gael - Sraith Nua Seolta | Preasr\u00e1iteas | TG4\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"Fillfidh an tsraith mh\u00f3r CLG ar TG4 don tri\u00fa s\u00e9as\u00far is fiche. Ocht gcl\u00e1r \u00farnua a bheidh sa tsraith CLG is \u00fadar\u00e1sa\u00ed ar an sc\u00e1ile\u00e1n seo.\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"TG4\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/TG4TV\" \/>\n<meta property=\"og:image\" content=\"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/21122251\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1.jpg\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:width\" content=\"1920\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:height\" content=\"1080\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:type\" content=\"image\/jpeg\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:image\" content=\"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/21122251\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1.jpg\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@TG4TV\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"9 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\/\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/\",\"url\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/\",\"name\":\"Laochra Gael - Sraith Nua Seolta | Preasr\u00e1iteas | TG4\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/#website\"},\"primaryImageOfPage\":{\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/#primaryimage\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1.jpg\",\"datePublished\":\"2025-01-16T12:05:52+00:00\",\"dateModified\":\"2025-01-16T12:05:52+00:00\",\"description\":\"Fillfidh an tsraith mh\u00f3r CLG ar TG4 don tri\u00fa s\u00e9as\u00far is fiche. Ocht gcl\u00e1r \u00farnua a bheidh sa tsraith CLG is \u00fadar\u00e1sa\u00ed ar an sc\u00e1ile\u00e1n seo.\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/\"]}]},{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga\",\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/#primaryimage\",\"url\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1.jpg\",\"contentUrl\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1.jpg\"},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Home\",\"item\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"Eolas\",\"item\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":3,\"name\":\"Preas\",\"item\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":4,\"name\":\"Nuacht R\u00e1itis\",\"item\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":5,\"name\":\"2025\",\"item\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":6,\"name\":\"Laochra Gael &#8211; Sraith Nua Seolta\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/#website\",\"url\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/\",\"name\":\"TG4\",\"description\":\"S\u00fail Eile\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":\"required name=search_term_string\"}],\"inLanguage\":\"ga\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"Laochra Gael - Sraith Nua Seolta | Preasr\u00e1iteas | TG4","description":"Fillfidh an tsraith mh\u00f3r CLG ar TG4 don tri\u00fa s\u00e9as\u00far is fiche. Ocht gcl\u00e1r \u00farnua a bheidh sa tsraith CLG is \u00fadar\u00e1sa\u00ed ar an sc\u00e1ile\u00e1n seo.","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"og_locale":"en_US","og_type":"article","og_title":"Laochra Gael - Sraith Nua Seolta | Preasr\u00e1iteas | TG4","og_description":"Fillfidh an tsraith mh\u00f3r CLG ar TG4 don tri\u00fa s\u00e9as\u00far is fiche. Ocht gcl\u00e1r \u00farnua a bheidh sa tsraith CLG is \u00fadar\u00e1sa\u00ed ar an sc\u00e1ile\u00e1n seo.","og_url":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/","og_site_name":"TG4","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/TG4TV","og_image":[{"width":1920,"height":1080,"url":"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/21122251\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1.jpg","type":"image\/jpeg"}],"twitter_card":"summary_large_image","twitter_image":"https:\/\/tg4-docs.s3.amazonaws.com\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/21122251\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1.jpg","twitter_site":"@TG4TV","twitter_misc":{"Est. reading time":"9 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/","url":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/","name":"Laochra Gael - Sraith Nua Seolta | Preasr\u00e1iteas | TG4","isPartOf":{"@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/#website"},"primaryImageOfPage":{"@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/#primaryimage"},"image":{"@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/dev.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1.jpg","datePublished":"2025-01-16T12:05:52+00:00","dateModified":"2025-01-16T12:05:52+00:00","description":"Fillfidh an tsraith mh\u00f3r CLG ar TG4 don tri\u00fa s\u00e9as\u00far is fiche. Ocht gcl\u00e1r \u00farnua a bheidh sa tsraith CLG is \u00fadar\u00e1sa\u00ed ar an sc\u00e1ile\u00e1n seo.","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/"]}]},{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga","@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/#primaryimage","url":"https:\/\/dev.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1.jpg","contentUrl":"https:\/\/dev.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2023\/12\/Laochra_Gael_logo_1-1920x1080-1.jpg"},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/laochra-gael-sraith-nua-seolta\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Home","item":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"Eolas","item":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/"},{"@type":"ListItem","position":3,"name":"Preas","item":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/"},{"@type":"ListItem","position":4,"name":"Nuacht R\u00e1itis","item":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/"},{"@type":"ListItem","position":5,"name":"2025","item":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2025-2\/"},{"@type":"ListItem","position":6,"name":"Laochra Gael &#8211; Sraith Nua Seolta"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/#website","url":"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/","name":"TG4","description":"S\u00fail Eile","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/dev.tg4.ie\/en\/?s={search_term_string}"},"query-input":"required name=search_term_string"}],"inLanguage":"ga"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/236983"}],"collection":[{"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/876"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=236983"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/236983\/revisions"}],"up":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/236807"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/dev.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=236983"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}