Ionsaíodh agus gortaíodh go dona beirt fhear i mbaile an Longfoirt aréir.
Sna fichidí agus sna tríochaidí atá an bheirt.
Tuigtear gur ionsaíodh iad i bPáirc Theafa, eastát tithíochta gar don iarnród, ag thart ar 9 a chlog aréir.
Tá cóir leighis á chur ar na fir san Ospidéal Réigiúnach sa Mhuileann gCearr i gCo na hIarmhí.
Tá scrúdú teicniúil á dhéanamh ag na Gardaí ar an áit inniu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


