Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Beirt fhear gortaithe go dona in ionsaí sa Longfort

10 FEABHRA 2026, 10:57

Tá cóir leighis á chur ar na fir san Ospidéal Réigiúnach sa Mhuileann gCearr
Twitter Facebook

Ionsaíodh agus gortaíodh go dona beirt fhear i mbaile an Longfoirt aréir.

Sna fichidí agus sna tríochaidí atá an bheirt.

Tuigtear gur ionsaíodh iad i bPáirc Theafa, eastát tithíochta gar don iarnród, ag thart ar 9 a chlog aréir.

Tá cóir leighis á chur ar na fir san Ospidéal Réigiúnach sa Mhuileann gCearr i gCo na hIarmhí.

Tá scrúdú teicniúil á dhéanamh ag na Gardaí ar an áit inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ