Is iad Pádraic Tuffy agus Cian Farrell an bheirt ógánach a maraíodh i dtionóisc bhóthair a tharla in aice le Béal an Átha i gCo Mhaigh Eo go moch ar maidin inné.
Naoi mbliana déag d'aois a bhí Pádraic Tuffy agus ocht mbliana déag a bhí Cian Farrell. Ba as tuaisceart Mhaigh Eo an bheirt.
Tharla an tubaiste ar bhóthar áitiúil an L5140 i Leacht Dá Mhanach ó thuaidh de Bhéal an Átha go gairid tar éis 4.15 ar maidin Dé Domhnaigh.
Chomh maith leis an mbeirt a maraíodh, gortaíodh triúr eile – beirt bhuachaillí agus bean naoi mbliana déag – nuair a d'imigh an gluaisteán ina raibh siad den bhóthar.
Tuigtear nach bhfuil aon duine den triúr i mbaol báis.
Ní raibh aon fheithicil eile bainteach leis an tionóisc.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


