Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Beirt ógfhear maraithe i dtubaiste bóthair i gCo Mhaigh Eo

02 MÁRTA 2026, 11:38

Is ar bhóthar áitiúil an L5140 ó thuaidh de Bhéal an Átha a tharla an tubaiste
Twitter Facebook

Is iad Pádraic Tuffy agus Cian Farrell an bheirt ógánach a maraíodh i dtionóisc bhóthair a tharla in aice le Béal an Átha i gCo Mhaigh Eo go moch ar maidin inné.

Naoi mbliana déag d'aois a bhí Pádraic Tuffy agus ocht mbliana déag a bhí Cian Farrell. Ba as tuaisceart Mhaigh Eo an bheirt.

Tharla an tubaiste ar bhóthar áitiúil an L5140 i Leacht Dá Mhanach ó thuaidh de Bhéal an Átha go gairid tar éis 4.15 ar maidin Dé Domhnaigh.

Chomh maith leis an mbeirt a maraíodh, gortaíodh triúr eile – beirt bhuachaillí agus bean naoi mbliana déag – nuair a d'imigh an gluaisteán ina raibh siad den bhóthar.

Tuigtear nach bhfuil aon duine den triúr i mbaol báis.

Ní raibh aon fheithicil eile bainteach leis an tionóisc.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ