Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Déagóir idir dhá cheann na meá i ndiaidh eachtra ar loch

26 MAY 2026, 17:13

Déagóir idir dhá cheann na meá i ndiaidh eachtra a tharla ar loch i gContae Mhuineacháin inné
Twitter Facebook

Tá déagóir idir dhá cheann na meá san ospidéal i ndiaidh eachtra a tharla ar loch i gContae Mhuineacháin tráthnóna inné nuair a bhuail deacrachtaí an buachaill le linn do a bheith ag snámh san uisce.

Glaodh ar na Gardaí agus ar na seirbhísí éigeandála go dtí an láthair ag Loch Emy cóngarach do Scairbh na gCaorach i gContae Mhuineacháin timpeall ar a 5pm a chlog tráthnóna inné.

Cuireadh cóir leighis ar an mbuachaill ar an láthair.

Tugadh an déagóir go hOspidéal an Mater áit go bhfuil drochbhail air.