Tá déagóir idir dhá cheann na meá san ospidéal i ndiaidh eachtra a tharla ar loch i gContae Mhuineacháin tráthnóna inné nuair a bhuail deacrachtaí an buachaill le linn do a bheith ag snámh san uisce.
Glaodh ar na Gardaí agus ar na seirbhísí éigeandála go dtí an láthair ag Loch Emy cóngarach do Scairbh na gCaorach i gContae Mhuineacháin timpeall ar a 5pm a chlog tráthnóna inné.
Cuireadh cóir leighis ar an mbuachaill ar an láthair.
Tugadh an déagóir go hOspidéal an Mater áit go bhfuil drochbhail air.


