Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Na putóga bainte as Bille na gCríoch faoi Fhorghabháil - Freasúra

26 MAY 2026, 16:24

É curtha i leith an Rialtais ag an bhfreasúra go bhfuil na putóga bainte acu as Bille na gCríoch faoi Fhorghabháil
Twitter Facebook

Deir páirtithe an fhreasúra go bhfuil na putóga bainte ag an Rialtas as Bille na gCríoch faoi Fhorghabháil agus go bhfuil an leagan den Bhille atá curtha chun cinn ag an Rialtas inniu i bhfad níos laige ná an leagan a moladh ar dtús 8 mbliana ó shin.

Leinster House in Dublin

De réir na reachtaíochta, a cuireadh faoi bhráid chruinniú Rialtais ar maidin, cuirfear cosc ar earraí a iompórtáil ó chríocha na Palaistíne atá faoi Fhorghabháil.

Ní chuirfear cosc ar sheirbhísí faoin reachtaíocht rud atá cáinte go láidir ag an bhfreasúra agus ag grúpaí feachtais.