Deir páirtithe an fhreasúra go bhfuil na putóga bainte ag an Rialtas as Bille na gCríoch faoi Fhorghabháil agus go bhfuil an leagan den Bhille atá curtha chun cinn ag an Rialtas inniu i bhfad níos laige ná an leagan a moladh ar dtús 8 mbliana ó shin.
De réir na reachtaíochta, a cuireadh faoi bhráid chruinniú Rialtais ar maidin, cuirfear cosc ar earraí a iompórtáil ó chríocha na Palaistíne atá faoi Fhorghabháil.
Ní chuirfear cosc ar sheirbhísí faoin reachtaíocht rud atá cáinte go láidir ag an bhfreasúra agus ag grúpaí feachtais.


